Tá na táinte ag triall ó mhaidin ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta atá ar siúl i Ráithín an Uisce i gCo Laoise den tríú bliain as a chéile.
Aonach ábhalmhór bliantúil is ea an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar na saolta seo agus ceaptar go meallfaidh an aimsir bhreá atá geallta as seo go ceann trí lá, go meallfaidh sí tuilleadh daoine fós ann.
Gan trácht ar na comórtais treabhdóireachta féin, a mbeidh os cionn 300 duine rannpháirteach iontu, ócáid ghrinn agus oireachtais atá ann.
Reáchtáiltear taispeántais éagsúla agus ilghnéitheacha ag an gComórtas agus bíonn an-tóir gach aon bhliain ar na taispeántais innealra feirme go háirithe.
Mar le cóir thaistil, dealraítear go bhfuil go leor daoine ag baint leas as na busanna tointeála atá curtha ar fáil agus nach bhfuil an tranglam tráchta a bhíonn ann go hiondúil chomh dona i mbliana.
Tá na busanna speisialta sin ag imeacht as Áth Í, Port Laoise agus Cúil an tSúdaire.
Táthar ag iarraidh freisin ar an bpobal ticéid a cheannach ar líne roimh ré lena chinntiú nach mbeidh aon bhrú ag na geataí.
€25 atá ar thicéad do dhuine fásta agus tá saorchead isteach ag leanaí faoi dhá bhliain déag a bhfuil duine fásta in éindí leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ