Tá cúigear gafa ag na Gardaí faoi luach os cionn €6 mhilliún de chócaon a fuarthas ar fheirm i gceantar iargúlta i gCo Loch Garman aréir.
Meáchan 100 cileagram a bhí sa lear cócaoin a deir na Gardaí a bhí i bhfolach i leoraí altach ar an bhfeirm.
Bhí na Gardaí ag faire ar an bhfeirm le tamall agus ar na daoine a bhí ag teacht agus ag imeacht ón áit.
Is ar an bhfeirm a gabhadh ceathrar den chúigear – ar fir mheánaosta iad ar fad – agus gabhadh an duine eile i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.
Duine sinsearach i ngréasán gáinneála drugaí is ea duine den chúigear a bhfuil a chomhlacht iompair féin aige.
Deir na Gardaí go bhfuil siad tar éis cur isteach go mór ar an drochobair atá ar bun le fada ag an ngréasán sin, mura bhfuil an gréasán bainte óna chéile go hiomlán acu.
Tuigtear gur deartháireacha as iarthar Bhaile Átha Cliath atá i gceannas ar ghréasáin.
Thóg na Gardaí suim mhór airgid thirim freisin ach ní dúirt siad fós cé mhéad go baileach a bhí ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ