skip to main content

Caillteanas €9.1m ag RTÉ anuraidh, de réir thuarascáil 2023

Rinne RTÉ caillteanas de €9.1m anuraidh, ardú ar an €2.8m a rinneadh in 2022, de réir thuarascáil bhliantúil an chraoltóra.

Léiríonn an tuarascáil gur thit a ioncam de €3.7m, i rith bhliain a chonaic conspóid mhór san eagraíocht, go dtí €344m. San áireamh ansin áfach tá cúnamh breise a thug an Rialtas do RTÉ roimh dheireadh nabliana.

Tá ioncam RTÉ comhdhéanta d'ioncam tráchtála agus ioncam ón gceadúnas teilifíse agus €344m an t-ioncam iomlán i 2023..

Thit an t-ioncam tráchtála €1.4m go €150.7m.

Thit an t-ioncam ó tháillí ceadúnais €2.3m go €193.3m, ach €178.3m de sin a bhailigh a bhailigh An Post. An Rialtas a chuir €15m leis sin de bharr an titim a bhí sa líon daoine a bhí ag íoc an cheandúnais.

Gan an íocaíocht sin, bheadh an t-ioncam ón gceadúnas thíos €17.3m le hais 2022.

Bhail costas ar leith le himeachtaí speisialta ar an eagraíocht, €7.6m i rithe 2023, ina measc clúdach RTÉ ar an gCorn Domhanda agus cuairt an Uachtarái Joe Biden ar Éirinn.

Den chéad uair beidh an lucht bainistíochta san áireamh sna deichniúr is airde tuarastal sa tuaracáil, in ionad craoltóirí amháin mar a bhí go dtí seo.

Foireann ceannaireachta iad cúigear as an deichniúr is airde tuarastal anois.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst gur bhliain dheacair a bhí í 2023 do gach duine in RTÉ agus dóibh siúd a chuir a muinin ionainn.

Dúirt sé go raibh sé féin agus a fhoireann ceannaireachta ag dul i ngleic go tréan leis na bundúshláín a bhí rompu agus go bfhuil siad meáite ar an muinín an an t-iontaobhas a athbhunú lasmuigh agus laistigh den chraoltóir.

Dúirt Kevin Bakhurst freisin, gur údar frustrachais dó i gconaí go raibh togha na hoibre iriseoireachta agus cruthaitheachta ar bun anuraidh ach go raibh scáth na conspóide ann i gcónaí.

Bhí sé buíoch freisin, a dúirt sé, go raibh deis anois ann sa maoiniú ilbhliana atá socraithe, aghaidh a thabhairt ar chlár oibre ilárdán a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann, idir Bheárla agus Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Terence O’Rourke, cé gur bhliain dhúshlánach a bhí in 2023, ach go bhfuil RTÉ dírithe ar an obair thábhachtach atá ar bun chun an eagraíocht a leasú.

Tá an Bord meáite ar na caighdeáin is airde rialachas corparáideach chorparáidigh agus trédhearcacht a chur mar bhonn agus mar thaca don obair seo, a dúirt sé.