skip to main content

Díomá ar mhuintir Aoife Johnston leis an bhfiosrúchán faoina bás

Tá an-díomá ar mhuintir Aoife Johnston leis an bhfiosrúchán faoina bás, agus tá spriodháta tugtha acu d'Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte an tuarascáil faoin bhfiosrúchán a fhoilsiú roimh dheireadh na seachtaine.

Fuair Aoife Johnston bás mí na Nollag 2022 tar éís fhanacht 12 huaire sa roinn éigeandála in Ospidéal Ollscoile Luimnigh. Bhí meiningítis baictéarach uirith agus tháinig seipsis uirthi freisin. Bhí sí 16 bhliana d'aois, agus b'as an tSionna, Co. an Chláir í.

Dúirt muintir Johnston freisin nach féidir le haon chruinniú le príomhfheidmheannach an FSS Bernard Gloster bheith ann go mbeidh tuarscáil an iar-Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke foilsithe ina iomláine.

Dúirt Damien Tansey SC le RTÉ go raibh an teaghlach ag iarraidh go bhfoilseofaí an tuarascáil mar a tugadh dóibhsan é roinnt seachaine ó shin, gan aon leasú a dhéanamh air.

Bhí na srianta a chuir an FSS ar Frank Clarke thar a bheith míshásúil agus chuaigh in aghaidh na ngeallúintí a thugh an FSS don teaglach, a deir siad.

Deir muintir Johnston go ndúradh leo nach mbeadh srian ar bith ar an bhfiosrúchán, go mbeadh sé fianaisebhunaithe, go leanfadh an Breitheamh Clarke an fhianaise cibé áit a dtabharfadh sé é, agus go mbeadh freagracht ina sprioc aige.

Ni raibh aon cháíneadh ag an teaghlach ar Frank Clarke, a dúirt a ndlíodóir, ach gur údar míshásaimh dóibh nárbh fhéídir leis cinneadh fíorais a dhéanamh, ná milleán a lua le haon duine.

Tá roinnt próiséas ar leith ar bun sa FSSi dtaca leis an gcás.

Faoi láthair níl milleán á lua le haon bhall foirne, a deir an HSE, ach deir freisin go gcaithfear cearta gach duine a chosaint.

Bhí súil ag Bernard Gloster an tuarascáíl a fhoilsiú, nó leagan infhoilsithe den tuarascáil, agus bhí fonn air bualadh leis an teaghlach.

Deir an FSS go bfhoilseofar an tuarascáil i bformáid chuí níos deireanaí an mhí seo, ach go gcaithfear a chur san áireamh dualgais na FSS i leith gach páirtí, agus i leith an faisnéise pearsanta agus íogair atá ann.