Tugadh fear os comhair cúirte i mBéal Feirster ar maidin agus cúisíodh é i ndúnmharú a mháthar.
Fuarthas corp Rachel Simpson i ngaráiste taobh le teach ar Bhóthar an Chaisleáin Riabhaigh Dé hAoine seo caite.
43 bhliana d'aois a bhí Rachel Simpson.
Tugadh Nathan Simpson, 21 bhliain d'aois a bhfuil seoladh aige ar Bhóthar an Chaisleán Riabhaigh sa chathair os comhair Chúirt Dhúiche Bhéal Feirste ar maidin, agus cúisíodh ina dúnmharú é.
Nuair a fiafraíodh de ar thuig sé na cúisimh ina aghaidh, dúirt sé gur thuig.
Duirt bleachtaire sáirsint leis an gcúirt go bhféadfadh sé Nathan Simpson a cheagal den chúiseamh dúnmharaithe.
Níor tugadh aon eolas eile faoin marú nó faoi chúinsi an mharaithe.
Níor iarradh bannaí ar an gcúirt de bharr nach raibh seoladh feiliúnach Simpson, agus níor ceistíodh an bleachtaire i rith na héisteachta.
Cuireadh siar Nathan Simpson faoi choimead go dtí an 14 Deireadh Fómhair seo chugainn.