Tá an t-iar-Uachtarán Donald Trump slán tar éis don tSeirbhís Rúnda teacht roimh iarracht a cheaptar a bhí ar bun é a fheallmharú agus é ag imirt gailf ar a ghalfchúrsa féin i West Palm Beach, Florida inné.
Chaith baill den tSeirbhís Rúnda urchair le gunnadóir a bhí i bhfolach i sceacha gar d'imeall an ghalfchúrsa, nuair a tugadh faoi deara é roinn céad slat ón áit a raibh Trump ag imirt tráthnóna inné.
Theith an fear ón láthair i gcarr, ach gabhadh níos deireanaí é. Bhí raidhfil ionsaithe AK-47 agus nithe eile fágtha ina dhiaidh aige.
Tháinig an eachtra seo dhá mhí tar éis do Donald Trump bheith gortuithe ina chluais nuair a chaith gunnadóir urchair leis ag slógadh i bPennsylvania, eachtra inar maraíodh fear agus gortaíodh roinnt eile.
D'eisigh Trump ráiteas i ndiaidh na heachtra ag gabháíl buíochais as an dea-mhéin a léiríodh dó agus as na húdaráis a choinnigh slán é. Lá speisiúil, a thug sé air.
Níl an fear a gabhadh á ainmniú go hoifiigúíl ag an FBI, ach tá na CNN, Fox News agus an New York Timeas, i measc meán eile, á rá gurb é Ryan Wesley Routh, fear 58 mbliana d'aois as Hawaii, an té a theith ón láthair.
Ní fios an raibh a fhios ag an bhfear go raibh Trump ar an láthair ag an am, ná ní fios go fóill céard a thug air bheith ar an láthair le gunna ionsaithe.
Ach tá ceisteanna anois faoin leibhéal slándála a thugtar don iar-uachtarán agus iarrthóir conspóideach. D'adamhaigh oifigigh nach bhfuil an galfchúrsa dúnta go hiomlán de bharr nach bhfuil Trump in oifig. B'éigean do cheannaire na Seirbhíse Rúnda, Kimberly Cheatle, éírí as oifig de b
Thug an tUachtaran Joe Biden agus an Leas-Uachtaran Kamala Harris ráítis uathu tar éis na heachtra, á rá go raibh siad buíoch nar bhain aon ghortú do Donald Trump go raibh siad á gcoinneáil ar an eolas faoin bhfiosrúchán agus nach raibh aon ait riamh don fhoréigean polaitiúil i saol na Stát Aontaithe.