skip to main content

€4 mhilliún do thograí turasóireachta ar oileáin Ghaeltachta

Caithfear €3 mhilliún ar Ionad Cuairteoirí ar Inis Mór, Árainn agus €1 milliún ar Ionad Cuairteoirí Chléire agus Charraig Aonair i gCo Chorcaí
Caithfear €3 mhilliún ar Ionad Cuairteoirí ar Inis Mór, Árainn agus €1 milliún ar Ionad Cuairteoirí Chléire agus Charraig Aonair i gCo Chorcaí

Tá infheistíocht €4 mhilliún fógartha ag Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta do thograí turasóireachta ar dhá oileán amach ón chósta.

Deir Fáilte Éireann go bhfuil súil acu go gcaithfidh cuairteoirí chuig Oileáin Chléire agus Inis Mór thart ar €50 milliún sna ceantair sin as seo go ceann 10 mbliana nuair a bheidh na hionaid nua turasóireachta tógtha.

Ó thug Fáilte Éireann faoi bhrandáil chósta an iarthair lena bhfeachtas Slí an Atlantaigh Fhiáin, tá méadú ag teacht ar líon na dturasóirí atá ag triail ar cheantair Ghaeltachta.

Is cuid é an togra a fógraíodh inniu de iarracht Fháilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta tuilleadh cuairteoirí a mhealladh chuig na hoileáin Ghaeltachta.

€3 mhilliún le caitheamh ar Ionad Cuairteoirí Árann

Cuirfear maoiniú caipitil de bhreis ar €3 milliún ar fáil le 'hIonad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche' a fhorbairt.

Is san áit a mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann lá den tsaol, i gCill Rónáin, Inis Mór, a bheidh an t-ionad lonnaithe agus táthar ag súil go meallfaidh sé cuairteoirí le tuilleadh ama a chaitheamh ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr.

Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann, Cathy Ní Ghoill go ndéanfaidh an togra seo difríocht an-mhór do thionscal na turasóireachta ar Inis Mór.

"Níl le déanamh agat ach breathnú ar an samhradh a bhí againn – níl aon ionad turasóireachta faoi dhíon againn do chuairteoirí má bhíonn sé ag cur báistí. Beidh ionad againn anois a inseos scéal oidhreachta Árann do chuairteoirí agus beidh sé oscailte an bhliain ar fad – do thurasóirí agus freisin do mhuintir an oileáin a bheas in ann é a úsáid le teacht le chéile ann."

Dúirt sí go bhfuil 10 mbliana caite acu ag stocaireacht ag iarraidh go dtógfaí a leithéid agus cé gur ceadaíodh maoiniú roimhe seo, nár leor é le togra fiúntach mar seo a thógáil.

"Teastaíonn airgead mór le togra suntasach mar seo a fhorbairt agus mar sin tá ríméad orainn go bhfuil an €3 mhilliún seo ceadaithe. Déanfar athchóiriú taobh istigh ar an bhfoirgneamh a mbíodh an Garda Cósta ag feidhmiú ann."

Ionad Oileán Chléire agus Charraig Aonair

Caithfear €1 milliún ar Ionad Cuairte agus Oidhreachta Chléire agus Charraig Aonair, atá 15 ciliméadar siar ó Dhún na Séad i gCo. Chorcaí.

Dúirt Séamus Ó Drisceoil ó Chomharchumann Chléire go bhfuil borradh ag teacht ar an turasóireacht ar an oiléan le blianta beaga anuas ach nach bhfuil áit ar bith ag cuairteoirí le dhul sa droch aimsir – rud a tharlaíonn go minic agus "go háirithe ag tús agus deireadh an tséasúir turasóireachta," a dúirt sé.

Tá tábhacht ar leith ag baint le teach solais Charraig Aonair i ngnóthaí turasóireachta an oileáin.

Tá Oileán Chléire 15 ciliméadar siar ó Dhún na Séad i gCo. Chorcaí

"Tá méadú 10% ag teacht gach bliain ar an líon daoine a bhíonn ag triail ar an Charraig Aonair, atá siar ón oileán. Tá an-suim acu dul amach leis an Charraig a fheiceáil ar thuras báid agus is mór is fiú é, ach ní féidir dul i dtír ar an Charraig. Sé atá i gceist go dtiocfadh na cuairteoirí sin arais chuig an taispeántas 3 Thoiseach san Ionad seo ar an Oileán agus go bhfeicfidh siad an Teach Solais ón taobh istigh amuigh. Cuirfidh sé go mór le taitneamhacht an turais.

Dúirt Ceannasaí thogra Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Miriam Kennedy go bhfuil súil ag an eagraíocht go gcaithfidh cuairteoirí €50 milliún sna ceantair as seo go ceann 10 mbliana de bharr na h-infheistíochta a fógraíodh inniu.

"Téann an-chuid daoine amach ar thurais ghearra go dtí na hoileáin, agus tá súil againn go meallfaidh sé níos mó cuairteoirí chun fanacht ann thar oíche. Is áiteanna draíochtúla iad na hoileáin agus ba maith linn an draíocht sin a roinnt le cuairteoirí. Tabharfaidh an infheistíocht léargas do thurasóirí ar stair agus ar chultúr na noileán, an traidisiún farraige agus bádóireachta, agus ar an teanga. Tá muid ag iarraidh go bhfaighfidh siad tuiscint níos doimhne ar an saol mar a bhí agus mar atá anois ar Árainn agus ar Chléire."

Tá Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta ag maoiniú na nIonad Cuairteoirí i gcomhair le chéile

Is é Údarás na Gaeltachta a chuirfidh 25% den mhaoiniú ar fáil leis na hIonaid a fhorbairt.

Dúirt Stiúrthóir Fhorbairt Réigiúnach an Údaráis Rónán Mac Con Iomaire go bhfuil an infheistíocht san earnáil seo iontach tábhachtach.

"Chomh maith leis an bhfostaíocht dhíreach a chuireann an turasóireacht ar fáil, bíonn caiteachas breise i gceist. I gceantair scaite a mbíonn sé deacair infheistíocht a mhealladh isteach iontu, cuireann tograí mar seo leis an líon cuairteoirí chuig an áit agus cruthaíonn sin deiseanna breise fostaíochta in earnálacha eile thart ar an tionscal turasóireachta."

Deir Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta go bhfuil súil acu go mbeidh Ionad Chléire réidh in am do shéasúr turasóireachta 2026 agus ionad Árann críochnaithe an bhliain dar gcionn.