skip to main content

'Cruinniú dearfach' ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas

Emma Little-Pengelly, Michelle O'Neill, Simon Harris agus Micheál Martin ag Caisleán Bhaile Átha Cliath inniu (Pic: RollingNews.ie)
Emma Little-Pengelly, Michelle O'Neill, Simon Harris agus Micheál Martin ag Caisleán Bhaile Átha Cliath inniu (Pic: RollingNews.ie)

Bhí cruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu agus an Taoiseach Simon Harris ina chathaoirleach air.

Bhí Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly ar cheann na toscaireachta ó Fheidhmeannas Stormont.

Faoi chaibidil sa chruinniú bhí ceisteanna a bhaineann le leas na hÉireann ar fad – ó Reachlainn go Cléire – cúrsaí sláinte, iompair, talmhaíochta agus turasóireachta ina measc.

Bhí cúrsaí teanga i dtreis freisin agus i ndiaidh an chruinnithe thagair Michelle O'Neill go háirithe don chonspóid faoin easpa comharthaíochta i nGaeilge sa stáisiún nua bus i mBéal Feirste.

Dúirt sí go raibh súil aici go mbeadh comharthaíocht dhátheangach san áit faoin am a osclófar é go hoifigiúil an chéad bhliain eile.

Thug Michelle O'Neill le fios freisin gur cruinniú dearfach a bhí ann.

Mar leis an nGaeilge go ginearálta, dúirt an Tánaiste Micheál Martin go gcaithfimid iarracht a dhéanamh iad siúd nach bhfuil báúil leis an nGaeilge a thabhairt linn lena chinntiú go gcuirfear seirbhísí tacaíochta ar fáil do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart.

Seo an dara cruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta ó hathbhunaíodh na forais pholaitíochta ó thuaidh i dtús na bliana, agus an 28ú cruinniú ó bunaíodh é faoi fhorálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

In Ard Mhacha i mí an Mheithimh a bhí an cruinniú deireanach.

Roimh an gcruinniú inniu, tharraing an Taoiseach aird ar thorthaí an chomhoibrithe idir an dá rialtas go dtí seo.

Luaigh sé go sonrach dhá mhórthogra a bhfuiltear ag tabhairt fúthu faoi láthair – athchóiriú Chanáil Uladh idir Loch Éirne i gCo Fhear Manach agus Cluain Eois i gCo Mhuineacháin, agus an droichead nua atá le tógáil trasna abhainn an Rí idir Corr na Muclach i gCo Lú agus Caol Uisce i gCo an Dúin.

I ndiadh an chruinnithe, dúirt an Taoiseach go bhfuiltear meáite ar leanúint den chomhoibriú i réimsí éagsúla.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ