skip to main content

'Margadh mór drugaí anois í Éire ag gáinneálaithe idirnáisiúnta'

Lear mór cannabais a fuarthas in Aerfort Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite
Lear mór cannabais a fuarthas in Aerfort Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite

Deir na Gardaí agus na Coimisinéirí Ioncaim go bhful méadú suntasach tagtha le gairid ar an méid drugaí atá siad a ghabháil in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Fuarthas luach €3 mhilliún de chócaon agus de channabas san aerfort le coicís. Tógadh ochtar agus tugadh os comhair cúirte iad.

Meastar gur margadh mór anois í Éire ag buíonta coirpeach eagraithe ó Mheiriceá Theas agus ón Áise.

Deir na Gardaí gur daoine bochta ó na háiteanna sin is mó a thugann na drugaí isteach sa tír seo.

Airgead suarach a íoctar leo den chuid is mó – míle euro, cuir i gcás – cé gur minic suas le €100,000 de chócaon a bheith ar iompar acu.

Is iondúil freisin gur taobh istigh dá gcolainn a bhíonn an cócaon i bhfolach acu, suas le 100 capsúl in amanna.

Mar le cannabas, is i málaí taistil is mó a bhíonn sé i bhfolach, suas le luach €350,000 de go minic.

Deir na Coimisinéirí Ioncaim gur ghabh siad luach beagnach €170 milliún de dhrugaí sa Stát ar fad go nuige seo i mbliana, i gcomparáid le €75 milliún san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ