skip to main content

Dúnmharú Sheáin Brown: iarratas ar fhiosrúchán poiblí diúltaithe

Seán Brown, CLG Wolfe Tones Bhaile Eachaidh
Seán Brown, CLG Wolfe Tones Bhaile Eachaidh

Tá sé fógartha ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn nach mbunóidh Rialtas na Breataine fiosrúchán poiblí faoi chás Sheáin Brown, fear Caitliceach 61 bliain d'aois ar dhúnmharaigh dílseoirí é 27 bliain ó shin.

D'fhuadaigh buíon armtha ón LVF Seán Brown taobh amuigh de chlubtheach CLG Wolfe Tones i mBaile Eachaidh i gCo Dhoire oíche an 17 Bealtaine 1997, agus lámhach agus mharaigh siad é i mBaile Raghnaill i gCo Aontroma go gairid ina dhiaidh sin.

Chreid náisiúnaithe riamh go raibh póilíní an RUC claonpháirteach leis na dúnmharfóirí.

Cuireadh in iúl do theaghlach Sheáin Brown cheana go ndeirtear i gcáipéisí faisnéise go raibh baint ag 25 duine leis an dúnmharú, gníomhairí stáit agus brathadóirí ina measc.

Tá sé tugtha le fios ag na póilíní, áfach, nach gcuirfídís na comhaid atá acu faoin dúnmharú ar fáil do choiste cróinéara cé nár mhiste leo dá gcíorfaí iad in éisteacht rúnda mar chuid d'fhiosrúchán poiblí.

Sé mhí ó shin, scríobh cróinéir sa Tuaisceart, an Breitheamh Patrick Kinney, chuig Stát-Rúnaí an Tuaiscirt ag an am, Chris Heaton-Harris, ag iarraidh air fiosrúchán poiblí a bhunú.

I ríomhlitir a chuir Hilary Benn chuig dlíodóirí an teaghlaigh inniu, ámh, dúirt sé gur chreid sé nárbh in an bealach ab fhearr le dul i gceann an cháis.

B'fhearr, a dúirt sé, an obair a fhágáil faoin gCoimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú na Fírinne.

Níl aon ghlacadh ag teaghlach Sheáin Brown leis an moladh sin, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ