Tá an tslí ar thug Ollscoil Luimnigh faoi mhaoin a cheannach in 2019 agus in 2023 cáinte go láidir ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Baineann an scéal le suíomh a ceannaíodh ar Ché Uí Eoghanáin i lár chathair Luimnigh in 2019 agus le 20 teach cónaithe do mhic léinn a ceannaíodh i gceantar na Réabóige i gcóngar an champais in 2023.
I dtuarascáil a chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dtoll a chéile faoin scéal, deimhnítear nach ndearnadh aon luacháil fhoirmiúil ar an suíomh ar Ché Uí Eoghanáin sular ceannaíodh é.
Tugtar le fios sa tuarascáil leis nár pléadh an t-idirbheart le coiste airgeadais na hollscoile tar éis gurb é an coiste sin atá freagrach as gnó mar é.
Ina áit sin, a deirtear, is comhairleoir seachtrach a rinne an luacháil ar son na hollscoile agus, mar bharr ar an donas, is luacháil "ad hoc" a bhí ann.
Níos measa arís, d'ardaigh an luacháil ó €3 mhilliún go dtí €8 milliún i gcaitheamh seacht mí.
Mar leis na tithe a ceannaíodh sa Réabóg anuraidh, deir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach bhfuil aon fhianaise ann "go ndearnadh measúnú cuí, oibiachtúil ar na roghanna ba chóir a chur i láthair na ndaoine atá freagrach as cinntí a dhéanamh [i dtaobh maoin a cheannach]", lena n-áirítear údarás ceannais na hollscoile.
Chaith Ollscoil Luimnigh €12 milliún ar na tithe sa Réabóg, sin beagnach a dhá oiread leis an méid a bhíothas a iarraidh ar thithe eile sa cheantar ag an am.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ