Dúirt an Taoiseach Simon Harris arís inniu go gcuirfeadh an Comhrialtas a théarma iomlán isteach.
Dhearbhaigh sé gurb in é a gheall sé cheana do cheannairí eile an Chomhrialtais agus mhaígh go raibh a raibh i gceist aige an-soiléir.
Tá sé á thuairimiú ag tráchtairí polaitíochta ó ceapadh Simon Harris ina Thaoiseach go ngairmfear olltoghchán i mí na Samhna, ach de réir ghnáthbhrí na bhfocal a dúirt sé inniu dealraíonn sé nach mbeidh olltoghchán ann go dtí an bhliain seo chugainn.
Os a choinne sin, nuair a fiafraíodh de Simon Harris an i mbliana nó an bhliain seo chugainn a bheas olltoghchán ann ní dúirt sé ach go raibh a fhios ag gach duine cad a bhí i gceist aige.
Ag labhairt ag tionól Fhine Gael i dTulach Mhór i gCo Uíbh Fhailí a bhí an Taoiseach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ