skip to main content

Meánscoil Shráid Synge le hiompú ina scoil lán-Ghaeilge

Bunaíodh Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge in 1864
Bunaíodh Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge in 1864

Tá Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge i mBaile Átha Cliath le hiompú ina scoil lán-Ghaeilge.

Meánscoil Bhéarla sheanbhunaithe i lár dheisceart na cathrach atá sa scoil a ndeachaigh go leor daoine aitheanta ann.

Fir iad na daoine aitheanta úd ar fad mar nach raibh aon ghlacadh le cailíní sa scoil – go nuige seo!

Claochlú iomlán atá i ndán don scoil i gceann dhá bhliain, más ea – idir theanga agus ghnéas.

Chomh maith le bheith ina Gaelcholáiste ón scoilbhliain 2026-27, scoil chomhoideachais a bheas inti freisin.

I ráiteas, dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go mb'áthas léi cinneadh na bpátrún, Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, an scoil an iompú ina scoil lán-Ghaeilge.

"Is eol dom go bhfuil éileamh le fada ar Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8", arsa sí, "agus tá lúcháir orm go bhfuil ceann againn anois i gcroílár Bhaile Átha Cliath 2".

In 2017, thug Bunscoil Shráid Synge sruth lán-Ghaeilge isteach agus cuirtear oideachas trí Ghaeilge ar fáil do gach bliain ann.

Ó tugadh isteach an sruth, tá méadú thart ar 42% tagtha ar an líon daltaí atá cláraithe sa bhunscoil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ