Tá sé dearbhaithe ag Rialtas na Breataine go mbunófar fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú an aturnae Pat Finucane i mBéal Feirste 35 bliain ó shin.
Lámhach agus mharaigh dílseoirí ón UDA Pat Finucane os comhair a theaghlaigh ina theach cónaithe i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Feabhra 1989.
Lámhachadh ceithre huaire dhéag é, agus lámhachadh agus gortaíodh a bhean chéile Geraldine chomh maith.
Bhí triúr páistí óga ag an lánúin agus chuaigh siadsan i bhfolach faoi bhord le linn an ionsaithe.
In 2003, ciontaíodh ball den UDA, Ken Barrett, i ndúnmharú Pat Finucane. Mhaígh seisean ag an am go raibh fórsaí na Breataine páirteach san fheillbheart, mar a creideadh riamh.
Chinn roinnt fiosrúchán eile ina dhiaidh sin chomh maith go raibh baint ag na póilíní agus/nó Arm na Breataine leis an dúnmharú agus sin é is bun leis an bhfiosrúchán poiblí a fógraíodh inniu.
Ag labhairt dó i bParlaimint Westminster trí seachtaine roimh an dúnmharú, dúirt an feisire Douglas Hogg ón bPáirtí Caomhach go raibh roinnt dlíodóirí "róbháúil do chúis an IRA".
Dearbhaíodh ó shin go raibh ráiteas Douglas Hogg bunaithe ar cháipéis oifigiúil faisnéise agus glactar leis go gcuirfear an ghné sin den scéal san áireamh san fhiosrúchán poiblí.
Bhí cruinniú ag teaghlach Pat Finucane le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn tráthnóna inné agus tuigtear gur chuir sé in iúl dóibh go raibh fógra le déanamh inniu faoin bhfiosrúchán poiblí.
Duine den triúr páistí a chonaic marú a n-athar is ea John Finucane, feisire parlaiminte Shinn Féin do Bhéal Feirste Thuaidh.
Dúirt sé inniu go bhfuil an teaghlach an-sásta go mbunófar an fiosrúchán poiblí ar deireadh, tar éis dóibh a bheith á éileamh le síoraíocht.
Tá Rialtas na hÉireann ag tacú le héileamh an teaghlaigh le blianta fada chomh maith agus dúirt an Taoiseach Simon Harris gur chruthaigh ar fógraíodh inniu go raibh an ceart ar fad ag muintir Finucane ón tús.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ