Deir iar-Uachtarán na hÉireann agus Cathaoirleach na Seanóirí Mary Robinson nach féidir leis an domhan neamhaird a dhéanamh don ghéarchéim daonnachta sa tSúdáin.
Ag labhairt a bhí sí ag ócáid a bhí eagraithe ag áisíneachtaí forbartha a thug le fios go bhfuil 26 milliún duine i mbaol mar gheall ar an léirscrios atá déanta le bliain go leith ag cogadh cathartha agus ag an ngorta sa tír.
Tá 8 milliún díbeartha as a gcuid tithe, tá 2 mhilliún tar éis teitheadh ar fad as an tír, agus tá 7 milliún bean agus gasúr i gcontúirt foréigean inscne-bhunaithe.
Léirigh Dóchas, Cumann na nEagras Forbartha nach Eagrais Rialtais iad, ag an ócáid go bhfuil 700,000 páiste faoi 5 bhliana d'aois i mbaol báis leis an ocras.
Thug carthanachtaí le fios go bhfuil an tubaiste daonna is measa ar domhan ar siúl sa tSúdáin, an tír scriosta agus na scórtha míle básaithe ó thosaigh an chogaíocht mí an Aibreáin anuraidh idir Arm na Súdáine agus Fórsaí Mear-Thacaíochta an RSF agus go bhfuil an ghéarchéim á géarú ag tíortha atá ag seoladh airm chuig an dá thaobh.

Dúirt Mary Robinson gur mór an náire "an neamhshuim atá á léiriú ag an bpobal idirnáisiúnta" sa tSúdáin.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Goal Siobhán Walsh gur údar alltachta an méid atá ar siúl agus go gcaithfidh an domhan uilig gníomhú le theacht ar shocrú polaitiúil.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Concern David Regan nach leor iarrachtaí na Náisiún Aontaithe bia agus ábhar riachtanach eile a scaipeadh ar na milliúin atá ag fulaingt.
"Tá meitheal ag Concern i Darfur agus i Cordova" a deir sé "agus tá siad ag tuairisciú go bhfuil sláinte páistí atá ag teacht chuig ionaid sláinte ag teipeadh go tréan."
D’ímpigh Príomhfheidhmeannach Trócaire Caoimhe de Barra ar Rialtas na hÉireann "labhairt amach go láidir ag na Náisiún Aontaithe agus san Aontas Eorpach faoi na grúpaí armtha atá ag séanadh fóirithinte ar dhaoine, sárú glan ar an dlí idirnáisiúnta, agus atá i mbun ionsaithe ar lucht fóirithinte, meithleacha fóirithinte de bhunú na háite den chuid is mó."
Tá fianaise ann a deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an duine ar bun ag an dá thaobh sa gcogadh cathartha.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Peadar Mac Gaoithín ar Nuacht TG4 ag 1900.