Tá imscrúdú curtha ar bun ag an CCPC, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, faoi dhíol na dticéad do cheolchoirm Oasis ag Ticketmaster, an deireadh seachtain seo caite.
Deir an Coimisiún go bhfuil níos mó ná 100 gearán faighe acu faoi dhíol na dticéad agus tar éis na ngearán sin a athbhreithniú gur cuireadh an t-imscrúdú ar bun.
"Tá athbhreithniú déanta ag an CCPC ar níos mó ná 100 teagmháil ó thomhaltóirí a bhfuil an-díomá agus frustrachas orthu maidir lenar cuireadh orthu agus iad ar thóir ticéid a cheannach do cheolchoirmeacha Oasis," a dúirt Brian McHugh, Cathaoirleach an CCPC.
"Cé go gceadaítear do chuideachtaí in Éirinn freagairt d'éileamh an mhargaidh, tá imní dlisteanach ann faoin gcaoi ar caitheadh le tomhaltóirí agus tá cinneadh déanta againn go bhfuil gá le himscrúdú domhain, a dúirt an tUas McHugh."
"Má thagann sé chun solais gur sáraíodh dlíthe cosanta tomhaltóirí, déanfaimid beart",a dúirt sé
Máidin Dé Sathairn a cuireadh ticéid don dá sheó in Éirinn ag Oasis, atá ag teacht le chéile arís lena aghaidh.
Ach níorbh fhada gur iompaigh an lucht leanúna ar na meáin shóisialta agus ardáin eile chun frustrachas faoin bpróiseas díolacháin a chur in iúl, go háirithe na praghsanna arda a bhí á lorg do chuid de na ticéid do sheónna Pháirc an Chrócaigh.
Dúírt an CCPC go raibh an coimisiún buíoch de thomhaltóirí a thóg an t-am glaoch nó ríomhphost a chur ar ár líne chabhrach chun a scéal féin a roinnt leo.
Dúirt an CCPC freisin go gcuirfí fáilte roimh thuairimí i scríbhinn agus aon ábhar tacaíochta ó thomhaltóirí faoi mar a bhí sé dóibh ticéid a cheannach nó iarracht a dhéanamh ticéad a cheannach do sheóanna Oasisi deireadh seachtaine an 31 Lúnasa 2024.
Dúirt an Coimisiún gur féidir le tomhaltóirí é seo a sheoladh chuig an bhfoireann imscrúdaithe ag CEDinvestigation@ccpc.ie.