Deir fear as Conamara a ndearna ball de Ord Eaglasta ionsaithe gnéis air i scoil Stáit, go gcaithfear a chinntiú go gcuirfear scoileanna Stáit a raibh Oird Eaglasta ag múineadh iontu, san áireamh sa Choimisiún Fiosruithe a fógraíodh an tseachtain seo.
D'fhoilsigh an Fiosrúchán Scóipe ar Mhí-úsáid Gnéis i Scoileanna Lae agus Cónaí na nOrd Eaglasta a dtuarascáil arú inné, ach níl sé ráite fós ag an Roinn Oideachais go gcuirfear gnáth scoileanna Stáit agus deoise san áireamh i dtéarmaí tagartha an Choimisiúin.
Tá aithne mhór i ndeisceart Chonamara ar Pheadar Ó Máille. Ó chuaigh sé ar scor ina phost mar chigire leis an Roinn Oideachais, caitheann sé cuid mhaith dá chuid ama i dteach tábhairne a mhuintire Tigh Mholly in Indreabhán.
Is iomaí scéal atá cluinte ag Peadar Ó Máille cois an chuntair sa teach tábhairne, ach seachas a bhean agus a mhac, níor chuala aon duine scéal deacair Pheadair féin - go dtí inniu.
Nuair a bhí sé 9 mbliana d'aois agus é ar Scoil Náisiúnta na mBuachaillí sa Chlochán i gCo na Gaillimhe, rinne bráthair ó Ord na bProinsiasach sa scoil ionsaithe gnéis air.
Tá baile an Chlocháin athraithe go mór le 60 bliain, ach i dtús na 1960aidí, bhí teach na scoile le feiceáil trasna na habhann ón teach inár tógadh Peadar. Ní scarfaidh a chuimhní ar na h-ionsaithe leis a choíche. Dúirt sé le Nuacht gur mheasa arís an t-uafás a bhain leis an droch íde de bhrí go raibh sé ábalta teach a mhuintire a fheiceáil.
"Bhí mé ag breathnú thríd fhuinneog na scoile, agus bhí mé in ann mo Dheaide agus mo Mhama a fheiceáil. Bhí mé sáinnithe aige [an bráthair a d'ionsaigh mé], ní raibh mé in ann glaoch amach ar aon duine, ná ritheacht, ná cuimhneadh ar thada, mar go raibh mé sáinnithe aige... agus mo Dheaide agus mo Mhama agus an grá a bhí acu dá chéile, trasna na habhann uaim sa scoil. Agus ansin b'éigean dhom dhul abhaile, agus gan an scéal, an rún a bhí agam, a inse."

Scoil náisiúnta faoi riar na deoise a bhí i Scoil na mBuachaillí ar an Bhóthar Íseal sa Chlochán. "Ba é an tArdeaspag a bhí ina phátrún uirthi ach siad na bráithre ó Ord na bProinsiasach a bhí ann romham, agus i mo dhiaidh," a deir Peadar. "Ní raibh aon thuata ann, bráithre ar fad a bhí ann."
An Fiosrúchán Scóipe ar Mhí-úsáid Ghnéis
Tá Peadar ar dhuine acu siúd a d'inis a scéal don Fhiosrúchán Scóipe ar Mhí-úsáid Ghnéis is Scoileanna Lae agus Cónaí na nOrd Eaglasta ar d'fhoilsigh a dtuarascáil Dé Máirt.
Tá imí air go bhfuil an Roinn Oideachais ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir fulaingt páistí i scoileanna na n-Ord Eaglasta agus páistí i scoileanna náisiúnta agus deoise a raibh Oird Eaglasta i mbun an teagaisc iontu.
Tá dearbhú faighte ag Peadar gur ionsaigh an bráthair seo ó Ord na bProinsiasach sa Chlochán, dalta eile a bhí comhaimseartha leis sa scoil chéanna. Bhí an bráthair, a fuair bás i Meiriceá i 2011, ag teagasc i gCor an Dola i gCo. na Gaillimhe sular aistríodh chuig an Chlochán é agus ina dhiaidh sin i gClóirtheach i gCo. Uíbh Fhailí.
Ghabh Ord na bProinsiasach a leithscéal le Peadar i 2018 agus rinne siad íocaíocht chúitimh leis.
Ach níl Peadar ag iarraidh airgid ó aon Choimisiún Fiosruithe - is ar mhaithe le riar na córa atá sé ag éileamh go gcuirfeadh an tAire Oideachais, scoileanna Stáit a raibh Oird Rialta ag múineadh iontu, san áireamh i dtéarmaí tagartha an Choimisiú Fiosraithe.
Uamhan na n-ionsaithe
D'fhág na hionsaithe lorg buan ar Pheadar. Dúirt sé go raibh sé faoi ghlas ag an rún dorcha a bhí á thachtadh.
"Bhí an rud ar a dtugtar uamhan taobh istigh - bhí sé sin ormsa," a deir Peadar, "Bhí sé ag cur snaidhmeanna ar m'intinn, ar mo chroí, ar mo cholainn, agus nuair a bhí mé 65 bliain d'aois phléasc sé sin amach agus is beag nár cailleadh mé. Tá mé ag ceapadh go ndeachaigh mé beagnach as mo mheabhair."
Tháinig an ciapadh intinne seo air agus é ina fhear déanta, agus deir Peadar gurbh éigean dó dul ar luath scor óna phost mar chigire scoile le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, obair a thaitin thar cionn leis.
"D'éirigh mé as in aois 57, mar in aon bhliain amháin, d'imigh mé ó thrí chlocha déag go dtí 7 gclocha."
Go dtí sin níor inis sé a scéal rúin dá bhean chéile ná dá mhac.
"Bhí an rún a bhí coinnithe agamsa do mo mharú, do mo thachtadh ó thaobh coirp, anama, intinne agus spioradáltachta. An gníomh a ba chrua ar éirigh liom a dhul thríd agus a chur i gcrích ná maithiúnas a thabhairt don bhithiúnach a rinne droch ghníomhartha ormsa. Dá luaithe is a rinne mé sin, tharla sé gur imigh chuile shórt."

10 mbliana ó shin rialaigh an Chúirt Eorpach um chearta an Duine i bhfábhar Louise O'Keeffe agus dúirt go raibh dualgas ar an Stát í a chosaint ar an mhí-úsáid a d'fhulaing sise sa bhunscoil. Tá imní ar Pheadar Ó Máille go séanfaidh an Stát a bhfreagracht arís eile nuair a bhunófar an Coimisiún Fiosraithe atá molta.
Dúirt Peadar nach féidir fanacht go mbeidh an Coimisiún Fiosraithe maidir le Mí-úsáid Ghnéis i Scoileanna Lae agus Cónaí na nOrd Rialta (a fógraíodh an tseachtain seo) réidh lena gcuid oibre.
"Caithfear na scoileanna Stáit a raibh na hOird ag múineadh iontu a chur san áireamh anois, nó beidh sé ró-mhall agus beidh roinnt mhaith daoine a d'fhulaing droch íde, básaithe faoin am a dtosóidh an dara Coimisiún. Caithfear iad a dhéanamh in éindí."
Creideann Peadar go bhfuil seans ag an Stát an éagóir a rinneadh ar pháistí i scoileanna Stáit a chur ina cheart.
"Mura ndéanfaidh siad anois é ní dhéanfaidh siad go brách é, ach tá faitíos orm nach ndéanfaidh siad é - ar mhaithe leo féin agus ar mhaithe lena gcuid maoine a choinneáil slán."
"Caithfear an ceart a dhéanamh; caithfidh an Stát an ceart a dhéanamh. Tá an Eaglais in ainm is ceart a dhéanamh is ní dhearna. Tá an Stát in ainm is an ceart a dhéanamh, mar sin é a córas daonlathach, ach níl sé á dhéanamh go fóill."
Labhair Peadar Ó Máille le Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 inniu.