Ardú 12.6% atá tagtha ar an méid cánach a bhailigh an Stát sna chéad 8 mí den bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i 2023.
Taispeánann an fhaisnéis is deireanaí ón Roinn Airgeadais gur ar bhreis cháin ioncaim, cáin chorparáideach, CBL agus dleacht stampa atá an t-ardú bunaithe.
€59.8bn an cháin iomlán a bailíodh go deireadh Lúnasa, agus is cáin chorparáideach €16.3bn de sin ardú 28.4% ar an tréimhse chéanna anuraidh.
Is ionann €14.5bn agus an CBL a bailíodh go deireadh Lúnasa, ardú 7.5% ar an tréimhse chéanna anuraidh.
€4.1bn é an t-ioncam ó mháil, ardú 14% ar 2023.
Go dtí seo, tá farasbarr €3.8bn ag an Státchiste go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le fiacha €0.3bn anuraidh, difríocht de €4.1bn.
Ach ní hé seo seans an figiúr deiridh, mar i rith 2023 aistríodh €4bn chuig an Cúl-Chiste Náisiúnta, agus má dhéantar a leithéid arís i mbliana, is feidir go mbeidh an farasbarr níos lú ná sin.
Thaispeáin figiúirí an lae inniu freisin gur chaith an Stát €69.1bn go deireadh Lúnasa.