skip to main content

Cuairt 'luachmhar' an Taoisigh ar an Úcráin - Zelensky

Bhí cruinniú idir an Taoiseach Simon Harris agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i gcathair Cív inniu, mar ar shínigh an bheirt meamram comhoibrithe idir an dá thír.

D'fhógair an Taoiseach beart ar fiú €36m é don tír agus do thíortha eile máguaird, agus dúirt go seasann muintir na hÉireann le muintir na hÚcráine agus lena n-iarratas ar bhallraíocht den Aontas Eorpach.

Thug sé cuireadh do Volodymyr Zelensky cuairt oifigiúil a thabhairt ar Éirinn, agus dúirt Uachtarán na hÚcráine go raibh 'an-luach' aige ar chuairt an Taoisigh inniu, go háirithe tráth atá ruathair troma ón Rúis ar roinnt cathracha sa tír le roinnt laethanta.

Fiafraíodh den Taoiseach an mbeadh cead víosa ag Úcránaigh in Éirinn tar éis an chogaidh, agus is é a d'fhreagair Simon Harris go raibh súil aige go mbeadh an Úcráín ina ballstát den AE agus as sin go mbeadh saorcead taistil acu ar fud an Aontais mar atá ag saoránaigh na hÉireann.

Ghaibh an tUachtarán Zelensky buíochas le hÉirinn as breis agus 100,000 teifeach cogaidh a ghlacadh isteach agus as cúnamh na hÉireann roinnt tailte a ghlanadh ó mhianaigh i mbliana. Tá fearas dímhianaigh curtha ag Éirinn chuig an Úcráin agus tá buíon as Óglaigh na hÉireann ag cur traenáil ar thrúpaí na hÚcráine sa Pholainn.

Thagair sé freisin do neodracht na hÉireann á rá gur rud luachmhar é i gcúrsaí míleata, nach bhfanann Éire neodrach sa mhoráltacht. Ghaibh sé buíochas le hÉirinn as an tacaíocht láidir agus soiléir a tugadh don Úrcáin ó thosaigh ionradh na Rúise, sceimhlitheoireacht mar a thug sé féin air.

Chabhróidh an cúnamh airgeadais sna míonna amach romhainn agus an Rúis ag leanúint leis na hionsaithe ar infrastruchtúr fuinnimh na tíre.

Thaisteal an Taoiseach ar thraein thar oíche chuig lár na tíre agus thug cuairt ar Kviv Oblast, cathair a bhí gafa ar feadh tamaill ag fórsaí na Rúise i dtús an ionsaí. Thug sé cuairt freisin ar cheantair timpeall ar chathiar Chív, agus ar ionaid ar nós creche a bhí buailte ag an bhfeachtas buamála.

I láthair eile sa chathair, chonaic sé tuairim is 50 teach módúlach a tógadh le maoiniú ó Irish Aid.

Mhol Simon Harris muintir na hÚcráine as a seasmhacht in éadan na ruathar seasta orthu.

Tharla cuairt an Taoisigh lá tar éis ionsaí diúracáin ar chathair Poltava a mharaigh 51 duine ar a laghad agus bhí Simon Harris sa tír tráth a rinne an Rúis ionsaithe diúracáin ar 42 láthair eile sa tír.