skip to main content

Locht ar an rialtas agus an earnáil tógála faoi thine Grenfell

Faillí rialtais, comhlachtaí tógála agus go háirithe faillí na gcomhlachtaí a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell ba chúis leis an tine ann a mharaigh 72 duine an 14 Meitheamh 2017.

Bhí an tine sa túr 23 stór i gceantar saibhir in iarthar Londain ar an tine ba mheasa in áras cónaithe ó bhí an Dara Cogadh Domhnanda ann.

Ar na comhlachtaí a bhí freagrach as cothabháíl agus athhcóiriú an túir, ar na húdaráis áitiúla agus náísiúnta a bhí faillíoch agus ar na comhlachtaí a mhaigh go raibh an cumhdach sábháilte nuair a bhí sé inlasta.

Ach tá cáineadh ann freisin ar an rialtas, ar údaráis áitiúíl Kensington agus Chelsea, ar an mbriogáid dóiteáin a bhí faillíoch faoi shábháilteacht tine in mblocanna arda dá leithéid.

Faillí na mblianta fada sa rialtas agus i bhforais eile san earnáil tógála ba chúis leis an tine i dTúr Grenfall, dar leis an tuarascáil.

Ón uair a bhí an tine ann, tá daoine a tháinig slán ón tine chomh maith le muintir na marbh ag iarraidh go gcuirfí an dlí orthu siúd a bhí freagrach as an tine.

Deir na póilíní go bhfuil 58 duine agus 19 comhlacht agus foras faoi iniúchadh ach go mbeidh tamall fada eile ann sular féidir bheith ag súil le ionchúísimh. Deir na póilíní go bhfuil sé amhlaidh de bharr chomh casta is atá an t-iniúchadh agus an staidéir a bheidh le déanamh ar an tuarascáil seo agus ar a impleachtaí.

Dúírt an Príomh-Aire Keir Starmer gur aithin an tuarascáil go raibh faillí suntasach agus forleathan ann.

Ar mhuintir na marbh, orthu siúd a tháinig slán ón tine i dTúr Grenfell agus ar phobal an cheantair a bhí a smaointe, a dúirt sé ar maidin. Leis na daoine sin an lá inniu, a dúirt sé.

Bhí súil ag an bPríomh-Aire, a dúirt sé, gur céim i dtreo na freagrachta atá siad a iarraidh é an tuarascáil seo.

Gheall Keir Starmer go ndéanfadh an rialtas staidéar stuama ar an tuarascáil agus a chuid moltaí chun nach féidir a leithéid de thragóid bheith arís ann. Dúírt sé freisin go raibh súil aige go ndéanfadh na dreamanna ábhartha lasmuigh den rialtas an staidéar céanna air.

De réir tuarascáil a foilsíodh i 2019, fabht leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár a chuir tús leis an tine.

Ach ba é an cumhdach ar éadan an fhoirgninh a chuir scaipeadh sciobthaí ar an tine. Cuireadh na painéil seo ar éadan an fhoirgnimh mar insliú agus mar chuid d'athchóiriú ar dhealramh an tuir i 2016.