Dúnfar doirse cheannáras Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo, go ceann trí bliana fad is atá obair thógála ar bun ar lár-ionad nua Gaeilge ansin.
4 bliana ó shin fuair an Conradh cead pleanála chun mór-fhorbairt a dhéanamh ar an cheannáras. Tá amharclann, caifé agus stiúideo raidió i measc na n-áiseanna nua a bheidh ar fáil san ionad nua.
Tá Uimhir a 6 Sráid Fhearchair fite fuaite i mór-ghluaiseachtaí cultúir agus polaitíochta na tíre le breis 'is dhá chéad bliain.
Mac an fheisire parlaiminte John Blackwood, Hans a thóg an teach sa bhliain 1786 agus b'eisean an chéad duine sa teach a raibh tionchar aige ar stair na tíre nuair a chaith sé vóta ar son Acht an Aontais.
Ba san fhoirgneamh a bhunaigh John Henry Hewman Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.
Bhí ceannáras ag Sinn Féin san fhoirgneamh agus ba anseo a bhunaigh siad banc dá gcuid fhéin.
Bhí Micheál Ó Coileáin an-ghníomhach san fhoirgneamh agus ba anseo a rinneadh an cinneadh Dáil Éireann a bhunú i 1919.
Mar chomhartha buíochais as an bhaint a bhí aige le gluaiseacht na hathbheochana agus na saoirse, bhronn an Stát Uimhir a 6 ar Chonradh na Gaeilge i 1965.
Dúnfar doirse an fhoirgnimh stairiúil ag deireadh na míosa seo, tráth a chuirfear tús leis an obair athchóirithe a mhairfidh 3 bliana. Tá €500,000 curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don fhorbairt atá á mhaoiniú chomh maith ag Oifig na nOibreacha Poiblí.
Idir an dá linn beidh an Conradh, An Siopa Leabhar agus grúpaí eile atá lonnaithe in Uimhir 6 ag bogadh go suíomhanna eile san ardchathair atá á n-aimsiú faoi láthair.
Deireadh ré a bheidh ann fosta don teach tábhairne aitheanta 'Club Chonradh na Gaeilge' mar atá.
I ráiteas, dúirt Coiste Chlub Chonradh na Gaeilge go bhfuil siad an bhuíoch as an tacaíocht atá tugtha ag pobal na Gaeilge don chlub, ó 1967 i leith.
Beidh imeachtaí Gaelacha agus Gaeilge á n-eagrú ag an Choiste in áiteanna eile le linn an athchóirithe, Club Chonradh na Gaeilge Sealadach fiú, a deir an Coiste.