Maraíodh 51 duine ar laghad agus gortaíodh os cionn 200 in ionsaí de chuid na Rúise ar an Úcráin.
Deir Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur buaileadh institiúid mhíleata i gcathair Poltava i lár na tíre i gceann de na hionsaithe aonaracha is measa atá déanta, a dúirt sé.
Tá lucht tarrthála fós ag iarraidh teacht ar dhaoine ina mbeathaidh faoin smionagar.
D'fhéadfadh líon na marbh ardú tuilleadh.
Níl aon staonadh ná faoiseamh ón gcogaíócht san Úcráin, ionsaithe agus frith-ionsaithe a ndéanamh i gcónaí, an dá thaobh fíochmhar marfach ag iarraidh a spriocanna a bhaint amach.
Aréir maraíodh buachaill 8 mbliana agus a mháthair in ionsaí díurácáin a rinne na Rúisigh ar óstán i Zaporizhzhia.
Tuairiscítear gur scaoil na Rúísigh suas le 35 drón le foirgnimh san Úcráin aréir, d'éirigh leis na hÚcránaigh a bhformhór a chur ó mhaith ach rinne cuid eile fíordhamáiste.
Agus tráthnóna inniu bhí Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky os comhair na meán ag cáineadh ionsaí na maidne ón Rúis a mharaigh breis is dhá scór duine i mbaile Poltova.
Gortaíodh suas le dhá chéad, ceann de na hionsaithe is fuiltí ó cuireadh tús le hionradh na Rúise dhá bhliain go leith ó shin.
Sa Mhongóil atá Uachtarán na Rúíse, Vladimir Putin faoi láthair, é beag beann is léir ar an mbarantas idirnáisiúnta atá amuigh lena ghabháil i dtaca le coireanna cogaidh.
Cé go bhfuil tacaíocht na Mongóile ag an gcúirt choiriúíl idirnáisiúnta i bprionsabal, tá eacnamaíocht na tíre ag braith cuid mhór ar bhreosla na Rúise, rud a chiallaíonn nach ise a chuirfidh aon bhuarach ar Vladimir Putin.