Tá sé tagtha chun solais sa tuarascáil atá le foilsiú tráthnóna agus atá feicithe ag RTÉ News, gur déanadh 2,395 líomhain de mhí-úsáid gnéis stairiúil i dtaca le 308 scoil sa tír.
Tá sé molta sa tuarascáil gur cheart don Rialtas scéim cúitimh a bhunú do dhaoine a tháinig slán ón mhí-úsáid, a líomhnaítear a tharla i scoileanna agus i scoileanna cónaithe ar fud na tíre.
Déanadh líomhaintí maidir le 884 duine, daoine a líomhnaítear a rinne mí-úsáid.
Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil os cionn leath don 884 duine sin, a bhfuil líomhaintí curtha ina leith, imithe ar shlí na fírinne anois.
Déanadh líon ard líomhaintí i scoileanna speisialta. Tá 590 líomhain déanta i dtaca le 190 duine a líomhnaítear a rinne mí-úsáid gnéis ar dhaltaí i 17 scoil speisialta.
Líon 205 duine, fir den chuid is mó, ceistneoirí isteach maidir lena gcuid taithí. Sna ceistneoirí, labhair daoine faoina dtaithí ar mhí-úsáid i scoileanna i 22 contae ar fud na hÉireann.
Tá 80 scoil a bhí á riar ag 24 ord rialta ainmnithe sa tuarascáil.
Den chuid is mó, deirtear gur tharla an mhí-úsáid idir luath sna 60ídí agus luath sna 90ídí. Tharla an líon ba mhó eachtraí sna seachtóidí, a deirtear.
Idir an dá linn, tá sé aontaithe ag an gcomh-aireacht go mbunófar fiosrúchán reachtúil maidir leis na cásanna de mhí-úsáid gnéis a líomhnaítear a tharla ag roinnt mhaith scoileanna Chaitliceacha.
Tá an rialtas le coimisiún imscrúdúcháin a bhunú maidir leis an mhí-usáid a líomhnaítear a tharla ag roinnt mhaith scoileanna a bhí á riar ag oird rialta thar na mblianta.
Cuirfear tús anois le hobair chun Cathaoirleach a cheapadh ar an gcoimisiún agus chun na téarmaí tagartha a dhréachtadh.