skip to main content

Príosún curtha ar Enoch Burke an athuair

Den triú uair, tá príosún curtha ag an Ard-Chúirt ar an múinteoir Enoch Burke as ordú cúirte a shárú.

Dúirt an Breitheamh Michaell Quinn inniu go raibh sé sásta go raibh Burke ag sárú an achomhairc bhuan a deonadh don scoil Wilson's Hospital i gCo. na hIarmhí anuraidh.

D'ordaigh an Breitheamh go gcuirfí príosún ar Enoch Burke go dtí go mbeadh an díspeagadh cúirte glanta aige.

Beidh Enoch Burke os comhair na cúirte arís an 11 Deireadh Fómhair ach is féidir leis an díspeagadh a ghlanadh os comhair na cúirte aon uair is mian leis.

Dúirt Enoch Burke leis an mBreitheamh gur do Dia a bheidh sé freagrach as príosún a chur ar dhuine de bharr a gcreidimh.

Tá os cionn 400 lá caite ag Enoch Burke i Muinseó ina dhá sheal, as urghaire cúirte a shárú, urghaire a chuir air fanacht glan ar Wilson's Hospital.

Scaoileadh saor é ag deireadh an Mheithimh nuair a dhún an scoil don samhradh.

Ach tá Enoch Burke ag teacht i láthair na scoile arís ó d'oscail sí tar éis shaoire an tSamhraidh.

Dúirt an scoil sa chúirt gur strus agus suaitheadh don bhfoireann agus do dhaltaí araon Burke bheith ann.

Dúradh freisin gur fadhb shábháilteachta agus sláinte é freisin grúpaí tacaíochta Burke bheith ar thailte na scoile agus taobh amuigh di.

Briseadh Enoch Burke as a phost sa scoil mí Eanáir seo caite ach tá sé sin á achomharc aige. Níor éisteadh an t-achomharc sin go fóíll, agus tá imeachtaí dlí tionscnaithe ag Burke maidir leis an bpainéal achomhairc sa chás.

Gabhadh Enoch Burke ar thailte na scoile tráthnóna, agus d'iarr abhchóide ar son Wilson's Hospital, Rosemary Mallon, go gcuirfí príosún air.

Dúirt sí mura ndéanfaí sin go mbeadh sé i láthair na scoile arís amárach.

Dúirt Enoch Burke go raibh an cúirt ag séanadh a chreidimh air. Bhí ordú curtha ar ag an iar-phríomhoide 'trasinscneachas a bhrú ar dhaltaí'.

Dúirt sé go raibh a fhios ag a chuid daltaí gur fear ionraic a bhí ann ach nach mbeadh sé á rá sin leo.

Thagair sé do shliocht as Leabhar Gheiseasas agus dúirt go raibh an creideamh sa bhfear agus sa bhean ag croí na Críostaíochta.

Dúirt sé leis an mbreitheamh gur féidir " an fhírinne a shatailt sa talamh ach go n-éireoidh sí arís".

Dhiúltaigh Enoch Burke geallúint don chúirt go bhfanfadh sé glan ar an scoil

Bhí máthair Enoch Burke, Martina Burke, a athair Seán, a deirfiúr Ammni agus beirt deartháireacha Isaac agus Josiah sa chúirt inniu.

Cuireadh finéail €700 sa lá ar Enoch Burke as gach lá a dhiúltaigh sé cloí leis an urghaire.

Chualathas sa chúirt cheana nár íocadh na fíneálacha sin ná nar cuireadh aon bheart i bhfeidhm a chuirfeadh air é a íoc.

Tá a thuarastal iomlán á íoc leis ar fheitheamh toradh an achomhairc in aghaidh a bhriseadh as a phost.