skip to main content

'Rialachas Amharclann na Mainistreach in aimhréidh idir 2019-21'

Amharclann na Mainistreach, Sráid Na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath
Amharclann na Mainistreach, Sráid Na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath

Deirtear i dtuarascáil nua maidir le rialachas corparáideach in Amharclann na Mainistreach go raibh teip shuntasach ann maidir le taifid oifigiúla a choinneáil agus go raibh an córas rialachais a bhí i bhfeidhm san áit "doiléir".

Deirtear sa tuarascáil go deimhin go raibh cúrsaí rialachais san amharclann náisiúnta in aimhréidh idir 2019 agus 2021.

Is é an comhlacht Crowe Ireland a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile ar son na Comhairle Ealaíon agus moltar ann iniúchadh neamhspleách a dhéanamh ar chultúr bhord na hamharclainne i bhfianaise ar nochtadh.

Fuarthas amach, cuir i gcás, go raibh gnéithe tábhachtacha d'obair na heagraíochta á láimhseáil ag iarbhall den bhord agus ag iarfheidhmeannach sinsearach, seachas baill reatha den bhord agus feidhmeannaigh reatha.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith go raibh cathaoirleach na hamharclainne bainteach le roinnt fiosruithe inmheánacha idir 2019 agus 2021 agus nach bhféadfadh sé feidhmniú mar ionadaí neamhspleách ar an mbord dá bharr sin.

Creideann údair na tuarascála freisin gur cuireadh droch-chomhairle ar fáil maidir le hiomarcaíocht san amharclann.

Dírítear go sonrach sa tuarascáil ar na blianta a chaith Neil Murray agus Graham McLaren ina gcomhstiúrthóirí ar Amharclann na Mainistreach.

Pléitear ann gearáin a rinne iaroibrithe maidir le heachtraí a raibh Graham McLaren bainteach leo. Ocht seachtaine a bhí leagtha síos ar dtús leis na gearáin sin a fhiosrú ach is dhá bhliain á ghlac sé ar deireadh.

San iomlán – idir íocaíochtaí iomarcaíochta, an costas a bhain le tuarascáil Crowe agus costais dlí – tuigtear go bhfuil os cionn €1 mhilliún caite ar an scéal seo.

Foilsíodh dhá thoradh dhéag agus sé mholadh ón tuarascáil ar shuíomh gréasáin Amharclann na Mainistreach.

Dúirt urlabhraí ón amharclann go bhfuil athruithe curtha i bhfeidhm cheana féin san eagraíocht maidir le taifid oifigiúla an bhoird a choinneáil agus struchtúir rialachais na hamharclainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ