Tá Kamala Harris ceithre phointe céatadáin chun cinn ar Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe, más fíor don phobalbhreith is deireanaí ó Reuters/Ipsos.
De réir na pobalbhreithe, tá 45% den vóta náisiunta ag Kamala Harris agus 41% ag Donald Trump.
Méadú suntasach é sin ón bpobalbhreith a rinne Reuters/Ipsos mí ó shin, tráth a bhí Kamala Harris pointe amháin chun cinn ar Donald Trump.
Léiríonn an phobalbhreith is deireanaí chomh maith go bhfuil Kamala Harris trí phointe dhéag chun cinn ar Donald Trump i measc ban agus i measc an phobail Easpáinnigh.
Os a choinne sin, tá Donald Trump chun cinn ar Kamala Harris i measc fear agus i measc an phobail ghil.
2% an lamháil earráide sa phobalbhreith seo.
In agallamh a rinne sí le CNN aréir, thug Kamala Harris le fios go gcloífeadh sí le polasaí an Uachtaráin Joe Biden maidir le hairm a sholáthar d'Iosrael dá dtoghfaí í i mí na Samhna.
Dúirt nach ndéanfadh sí aon athbhreithniú ar an bpolasaí sin in ainneoin a bhfuil iarrtha ag roinnt daoine sa Pháirtí Daonlathach i bhfianase an ollmharú atá na hIosraelaigh a dhéanamh in Gaza.
Dúirt Kamala Harris gur mian léi Iosrael a bheith láidir.
Mar sin féin, arsa sí, caithfear margadh a dhéanamh faoi shos comhraic in Gaza agus faoi na gialla Iosraelacha atá á gcoinneáil ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ