skip to main content

Teachta Dála Neamhspleách Peter Fitzpatrick le héirí dá shuíochán

Peter Fitzpatrick TD
Peter Fitzpatrick TD

Tá sé fógartha ag an Teachta Dála Neamhspleách i Lú, Peter Fitzpatrick, nach mbeidh sé ag dul san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile.

Toghadh Peter Fitzpatrick chun na Dála den chéad uair in 2011, agus an athuair in 2016, nuair a bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.

D'éirigh sé as Fine Gael in 2018, áfach, mar gheall ar pholasaí an pháirtí sin faoin nginmhilleadh agus faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht go háirithe.

Toghadh é mar Theachta Dála Neamhspleách san olltoghchán in 2020.

Duine aitheanta i gCo Lú ab ea Peter Fitzpatrick sular toghadh riamh é agus chaith sé beagnach trí bliana ina bhainisteoir ar fhoireann peile shinsearach na bhfear idir 2009 agus 2012.

I ráiteas, dúirt sé go raibh sé bródúil as a chuid iarrachtaí sochaí níos trócairí a chruthú agus luaigh sé go sonrach a fheachtas in aghaidh an ghinmhillte.

Ghabh sé buíochas freisin le Teachtaí Dála ón nGrúpa Réigiúnach as an tacaíocht a thug siad dó agus as an obair a dhéanann siad ar cheisteanna réigiúnacha.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ