skip to main content

Fógra cibearshlándála tugtha do chustaiméirí Pháirc Fiadhúlra Fhóite

Pháirc Fiadhúlra Fhóite i gCo Chorcaí
Pháirc Fiadhúlra Fhóite i gCo Chorcaí

Tá sé tagtha chun solais go ndearnadh cibirionsaí ar shuíomh gréasáin Pháirc Fiadhúlra Fhóite i gCo Chorcaí le gairid agus go bhféadfadh sé gur goideadh sonraí bainc roinnt custaiméirí.

Thug riarthóirí na páirce le fios go mb'fhéidir go gcaithfeadh custaiméirí a gcártaí creidmheasa agus a gcártaí dochair a chur ar ceal mar gheall ar an gcreach.

I ríomhphost a sheol siad chuig custaiméirí, dúirt na riarthóiri go bhfuil an baol ann gur goideadh sonraí daoine a rinne íocaíochtaí ar shuíomh gréasáin na páirce idir 12 Bealtaine 2024 and 27 Lúnasa 2024.

Tugadh le fios chomh maith go bhfuil an suíomh gréasáin iata agus daingnithe ó shin.

Tá scéal curtha chuig na Gardaí agus chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, agus tá saineolaithe cibearshlándála ag fiosrú conas go baileach a bhíothas in ann foghail a dhéanamh ar an suíomh, a dúradh.

Idir dhá linn, tá an Pháirc Fiadhúlra oscailte mar is gnách agus is féidir an táille iontrála a íoc ag an ngeata.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ