skip to main content

Tuilleadh arm diúractha scaoilte ag an Rúis leis an Úcráin

Bhí cathair Odesa in iardheisceart na hÚcráine ar cheann de na háiteanna a hionsaíodh inné
Bhí cathair Odesa in iardheisceart na hÚcráine ar cheann de na háiteanna a hionsaíodh inné

Scaoil fórsaí míleata na Rúise mórshailbhe eile diúracán agus drón le háiteanna éagsúla san Úcráin i gcaitheamh na hoíche, príomhchathair na tíre, Cív, ina measc.

Deir na húdaráis gur maraíodh beirt nuair a scrios ceann de na hairm dhiúractha óstán i gcathair Kryvyi Rih i lár na hÚcráine.

Tuairiscítear freisin gur maraíodh beirt agus gur gortaíodh ceathrar i gcathair Zaporizhzhia, soir ó Kryvyi Rih.

Inné, scaoil na Rúisigh os cionn 200 diúracán agus drón leis an Úcráin, an t-ionsaí ba mhó dá shórt ó rinne siad ionradh ar an tír dhá bhliain go leith ó shin.

Maraíodh seachtar ar a laghad agus rinneadh díobháil mhór do bhonneagar fuinnimh na hÚcráine de bharr an ionsaithe.

Mhaígh roinn cosanta na Rúise gur bhain gach uile cheann de na hairm dhiúractha sprioc amach ach ní fios go baileach fós cé mar a rachas an scéal i gcionn ar sholáthar fuinnimh na hÚcráine.

Chomh maith le diúracáin dá ndéantús féin, baineann fórsaí na Rúise leas as dróin 'kamikaze' a dhéantar san Iaráin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ