Tá ómós léirithe go forleatha don bhuachaill 16 bhliana d'aois a bhásaigh de bharr eachtra bóthair i nDún na nGall ag an deireadh seachtaine.
Bhásaigh Kian Dawson as Carhnill Co. Dhoire san eachtra aon-fheithicil ar an R240 ag an gCros, Rinn Uí Choigligh timeall ceathrú tar éis a haon déag oíche Dé Sathairn.
Tugadh tiománaí an fheithicil chuig ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste, mar a thuairiscítear bheith go han-dona tinn. Tuigear gur fear sna ficheadaí atá ann.
Dalta i mBliain a 12 i gColáiste Cholumb i nDoire a bhí i Kian Dawson agus rinne príomhoide an choláiste Caroline McLaughlin a hómós féin dó inniu.
Chuir a bhás dúbhrón ar phobail na scoile, a dúirt sí, agus aireoidh múinteoirí agus daltaí araon uathu é.
Bhí cion mór air sa scoil, agus níorbh aon iontas é go raibh líon mór cairde aige, a dúirt sí.
Ba thrua nach mbeadh sé in ann tabhairt faoin mbarbóireacht anois agus é ar tí tosú amach ar an ngairm a raibh scil agus mianach aige ann.
Rinne a chlub peile, Don Bosce ómós dó freisin, á rá gur duine múinte umhal a bhí ann agus gur mhór an chreidiúint dá thuismitheoirí Fiona agus Emmet é.
Tá cluichí agus imeachtaí eile an chlub curta ar atráth mar chomhartha ómóis dó.
Labhair MLA an SDLP do Fheabhail, Mark Durkan ar RTÉ inniu á rá go raibh scamall bróin ar phobal Dhoire agus go dtabharfar tacaíocht agus tuiscint go tréan dá theaghlach.
Duine é Kian a raibh cion go forleathan air agus gur imreoir tábhachtach é i gclub Don Bosco, agus go dtacódh pobal na Cathrach leis an teaghlach, a dúirt sé.
Dúirt Mark Durkan freisin go bhféadfadh an eachtra seo tarlú in aon áit, ach taispeánann sé an gá práinneach atá lena thuilleadh oibre trasteorann ar shábháilteacht ar na bóithre.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon finné ná ar dhaoine a bhfuil aon eolas na físeán daise acu dul i dteagmháil leo ag stáisiún Bhun Chranncha ar 074 9320540, ar líne rúnda an Gharda ar 1800 666 111, nó ag aon stáisiún eile Garda.