skip to main content

Cosc ar scútair leicteacha ar an gcóras iompair poiblí mí DF.

Imní faoi shábháilteacht is cúis leis an gcosc a chuirfear ar scútair leicreacha bheith ar bord busanna, tramanna agus traenacha go luath mí Dheireadh Fómhair.

Tá comhairle curtha ag an Udárás Náisiúnta Iompair ar oibritheoirí an chórais iompair phoiblí, de bhun an imní a bhaineann leis na ceallraí ian litiam a úsáidtear iontu.

Deir an tÚdarás go bhfuil sé aitheanta anois go dtagann lochtanna inmheánach sna ceallraí agus gur féidir leo téamh an iomarca agus dul trí thine.

Clúdaíonn an cosc seo scútair is féidir a fhilleadh nó a iompar, ach níl rothair leictreacha ná scúdair soghluaisteachta san áireamh ann.

Tiocfaidh an cosc i bhfeidhm go luath mí Dheireadh Fómhair.

Deir an tÚdarás gur ceallraí ian litiam ba chúis le tinte agus deatach tiubh dubh ar an gcóras iompair poiblí i Madrid agus Barcelone le gairid.

Tá cosc dá leithéid i bhfeidhm cheana féin i mBerlin, Barcelona agus sa Ríocht Aontaithe.

Níl na scútair leictreacha i bhfad ar an margadh, agus i mbliana féin a cuireadh rialacháin i bhfeidhm orthu in Éirinn.

Dar leis an Údarás nach bhfuil an smacht ar chaighdeáin i ndéantúsaíocht na scútar leicteach chomh forbartha céanna is atá sé i gcás na rothar leictreacha agus na scútar soghluaiseachta, ar cuireadh rialacháin orthu níos faide siar.

Dá bhrí sin ní bhaineanna an leibhéal céanna riosca leo.