Bhásaigh fear 53 bliain d'aois tar éis do mhadra den phór bulaí XL é a ionsaí ina theach cónaithe in iarthuaisceart Shasana.
Fuarthas corp David Daintree sa teach i mbaile Accrington tráthnóna arú inné. Ba leis féin an madra.
Lámhach agus mharaigh na póilíní an madra ar an mball.
Cuireadh cosc ar bhulaithe XL i Sasana anuraidh seachas i gcás daoine a bhfuil teastas díolúine acu.
Tá an scéal i mbéal an phobail in Éirinn ar na saolta seo freisin.
Tá cóir leighis á cur san ospidéal i gcónaí ar chailín beag bliain d'aois a gortaíodh go dona nuair a d'ionsaigh bulaí XL í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite.
Bhásaigh bean 23 bliain d'aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a ionsaí ina teach cónaithe i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin.
Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo.
Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ