skip to main content

A dhé deiridh le séideadh ag Ernesto ar imeallbhord na hÉireann

Ernesto le hé féin a ídiú ar imeallbhord na hÉireann
Ernesto le hé féin a ídiú ar imeallbhord na hÉireann

Mar a tuairiscíodh anseo inné, tá fógra buí aimsire eisithe ag Met Éireann maidir leis an ngaoth mhór atá geallta i nGaillimh agus i Maigh Eo tráthnóna inniu agus maidin amárach.

Is idir 6.30 tráthnóna inniu agus 2.30 maidin amárach a bheas feidhm leis an bhfógra, ar leasú beag é sin ar na hamanna a fógraíodh inné.

Sciúg dheiridh Spéirling Ernesto atá sa ghaoth a bhuailfeas Éire.

Tá an spéirling sin ag réabadh trasna an Atlantaigh le beagnach seachtain agus á cor féin de réir a chéile, ach beidh cumhacht áirithe fanta inti faoi am a bhainfeas sí an tír seo amach.

Dar leis na meitéareolaithe go deimhin gur gaoth láidir aneas nó aniar aneas a bheas inti, gaoth choimhthíoch i lár Lúnasa.

Beidh báisteach throm agus lán mara ann freisin agus moltar do thiománaithe go háirithe a bheith fíorairdeallach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ