skip to main content

An scríbhneoir, gníomhaí mór le rá Nell McCafferty tar éis bháis

Nell McCafferty
Nell McCafferty

Tá an scríbhneoir clúiteach as Doire Nell McCafferty tar éis bháis. Bhí sí 80 bliain d'aois agus bhí sí tinn le tamall.

Deir a teaghlach go bhfuair sí bás go moch ar maidin inniu in ionad altranais i gCo Dhún na nGall.

Iriseoir, údar agus feachtasóir gníomhach ar son chearta na mban ab ea Nell McCafferty.

Rugadh í i dTaobh an Bhogaigh i gcathair Dhoire i 1944 agus sheas sí go teann le muintir an cheantair sin riamh ó shin, go háirithe nuair a bhí siad ag éileamh a gcearta sibhialta ar stát na Breataine.

Bhain Nell McCafferty céim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus chuaigh sí ag staidéar ina dhiaidh sin sa Fhrainc.

Chuaigh sí leis an iriseoireacht nuair a bhí sí sna fichidí agus bhí sí ar dhuine de na mná a bhunaigh Gluaiseacht Shaoirse Mhná na hÉireann i 1970.

Chomh maith le bheith ina scríbhneoir, feimineach gníomhach ab ea Nell McCafferty

Chomh maith le cás na mban, tharraing Nell McCafferty aird ina cuid scríbhinní ar an leatrom a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal náisiúnach ó thuaidh agus ar dhaoine bochta in Éirinn agus thar lear.

Domhnach na Fola i nDoire, cás leanaí Chiarraí agus na scannail san Eaglais Chaitliceach, chíor sí go mion agus scríobh sí faoi na hábhair ar fad agus mórán eile le cois.

Scríobh sí d'fhoilseacháin éagsúla – an Irish Times, an Sunday Tribune agus Hot Press ina measc – agus ó bhí rith breá cainte aici – caint ghonta go minic – bhíodh sí le cloisteáil agus le feiceáil go rialta ar an raidió agus ar an teilifís.

Scríobh sí roinnt leabhar freisin, lena n-áirítear Nell, In the Eyes of the Law agus The Best of Nell.

Bronnadh neart gradam uirthi i gcaitheamh na mblianta – dochtúireacht oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2016 ina measc.

Bhí sí i gcaidreamh leis an scríbhneoir Nuala O'Faolain ar feadh níos mó na cúig bliana déag sular scar siad ó chéile. Cailleadh Nuala O'Faolain in 2008.

Nell McCafferty ag sochraid Nuala O'Faolain in 2008

Tá ómós tugtha go forleathan do Nell McCafferty ó tháinig a tásc.

Dúirt Ombudsman an Phreasa Susan McKay gur iriseoir ceannródaíoch a bhí inti, gur tháinig go leor iriseoirí óga faoina hanáil agus gur athraigh an iriseoireacht mar gheall uirthi.

Roimh Nell McCafferty, arsa Susan McKay, is fir – fir uaisle go deimhin – is mó a bhí i mbun na hiriseoireachta in Éirinn.

Chuaigh Nell McCafferty amach trí na daoine, thug sí cluas dóibh, scríobh sí fúthu, faoin gcruatan a d'fhulaing siad, agus thug sí glór dóibh, a dúirt Susan McKay.

Laoch ag a lán daoine ab ea Nell agus mairfidh a gníomhartha ina diaidh, arsa sí.

Tá ómós tugtha freisin ag polaiteoirí éagsúla do Nell McCafferty, lena n-áirítear an Taoiseach Simon Harris, an Tánaiste Micheál Martin, ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik agus ceannaire an SDLP Colum Eastwood.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ