Tá fógra buí aimsire eisithe ag Met Éireann maidir leis an ngaoth mhór atá tuartha i nGaillimh agus i Maigh Eo tráthnóna amárach.
Beidh feidhm leis an bhfógra idir 7 a chlog tráthnóna amárach agus 2 a chlog ar maidin Déardaoin, tráth a thiocfas aghaidh ar an aimsir.
Chomh maith leis an ngaoth láidir aneas nó aniar aneas, beidh báisteach throm agus lán mara ann freisin.
Deir Met Éireann go bhfuil an chontúirt ann go mbeidh an t-uisce ag tonnadh isteach ar na cladaí agus go mbeidh tuilte in áiteanna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ