Is "údar bróid agus áthais" do phríomhaire nua na Téalainne, a deir sí, a bheith tofa ina ceannaire. Tá Paetongtarm Shinawatra ar an bpríomhaire is óige riamh sa Téalainn. Tá sí 37 bliain d'aois.
"Táim ag súil go mór le saol na ndaoine a fheabhsú agus le muintir na tíre a chumasú."
Tá gnó ollmhór ag a teaghlach, a bhfuil fochomhlachtaí aige i réimse leathan earnálacha, agus bhí Paetongtarm Shinawatra páirteach sa ghnó sin go dtí go ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht i 2022. Go dtí go ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht, bhí sí ag bainistiú na n-óstán atá faoi scáth an ghnó teaghlaigh.
Tá Paetongtarm Shinawatra ina ball den pháirtí Pheu Thai.
Bhí olltoghchán ann anuraidh. Bhí Paetongtarm Shinawatra ag súil le páiste le linn di a bheith i mbun feachtais. Níor tháinig Pheu Thai ach sa dara háit sa toghchán, ach d’éirigh leo comhrialtas a chur ar bun le páirtithe eile, i ndiaidh d’fheisirí pairliminte a fhaigheann tacaíocht ó Arm na Téalainne bac a chur ar an bpáirtí a bhuaigh an líon ba mhó vótaí.
Bhí Srettha Thavisin ina phríomhaire ar dtús sa chomhrialtas sin. Ach cuireadh an ruaig airsean. D'éirigh le Paetongtarm Shinawatra go leor tacaíochta a fháil i measc a cuid comhghleacaithe le go dtoghfaí í ina príomhaire.
Shinawatra ina áit mar phríomhaire
Is iníon í Paetongtarm Shinawatra de chuid Thaksin Shinawatra, fear gnó a bhí ina phríomhaire é féin tráth ar an Téalainn, idir 2001 agus 2006. Tá dlúthbhaint ag muintir Shinawatra leis an saol polaitiúil agus an saol gnó sa Téalainn.
(thuas) ina bpríomhairí ar an Téalainn roimhe seo freisin
Ní raibh ach bean amháin eile riamh ina príomhaire ar an Téalainn: Yingluck Shinawatra. Is deirfiúr ise de chuid Thaksin Shinawatra, agus aintín le Paetongtarm.