Thug iarcheannaire náisiúnach na Catalóine oráid phoiblí in aice leis an bparlaimint réigiúnach in Barcelona ar maidin inniu in ainneoin go bhfuil údaráis na Spáinne sa tóir air agus ag iarraidh a ghabháil.
Is cosúil gur fhill Carles Puigdemont ar an gCatalóin inné tar éis dó a bheith ar deoraíocht sa Bheilg le seacht mbliana.
Theith sé ón gCatalóin in 2017 nuair a chúisigh na húdaráis é in airgead poiblí a chaitheamh go mídhleathach ar reifreann ar neamhpleáchas na Catalóine ón Spáinn. Bhí sé ina uachtarán ar rialtas réigiúnach na Catalóine ag an am.
Is sa Chatalóinis a labhair Carles Puigdemont lena lucht tacaíochta a tháinig ina dtáinte go dtí Parc de la Ciutadella i lár Barcelona ar maidin le fáilte abhaile a chur roimhe.
Thug sé le fios ina óráid go raibh a bhara faoi an feachtas ar son an neamhspleáchais a athbheochan tar éis gur troid fhada righin a bheadh ann.
Chuaigh sé as radharc agus a óráid tugtha uaidh aige, agus ní fios cá bhfuil sé faoi láthair.
Ina dhiaidh sin, mháirseáil an slua trasna na páirce chomh fada le teach na parlaiminte. Bhí polaiteoirí ó pháirtithe náisiúnacha éagsúla ag ceann na máirseála.
Trí mhí ó shin, ritheadh dlí i bParlaimint na Spáinne ag tabhairt pardún ginearálta do na daoine a bhí freagrach as an reifreann ar neamhspleáchas na Catalóine a reáchtáil.
Rialaigh Cúirt Uachtarach na Spáinnne, áfach, nach bhféadfaí aon phardún a thabhairt do Carles Puigdemont ná do bheirt eile atá cúisithe i gcúbláil airgid in éineacht leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ