Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur den riachtanas comhlachtaí meán sóisialta gan neamhshuim a dhéanamh de bhagairtí a dhéantar ar dhaoine ar líne agus a leithéidí a bhaint anuas a thúisce is féidir.
Ag trácht a bhí sí ar an mbagairt a rinneadh ar Instagram ar an Taoiseach Simon Harris, ar a bhean chéile agus ar a gclann an deireadh seachtaine seo caite.
D'iarr na Gardaí ar Meta – ar leo Instagram – an phostáil a bhaint anuas tráthnóna Dé Sathairn ach bhí sé fós le feiceáil ar an ardán sin Dé Domhnaigh agus Dé Luain.
Ag labhairt di ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt an tAire McEntee go mb'uafásach an beart é bagairt a dhéanamh ar an Taoiseach agus go mb'uafásaí fós an bhagairt a rinneadh ar a theaghlach.
Thug sí le fios nach bhféadfaí brath a thuilleadh ar chomhlachtaí meán sóisialta le hiad féin a rialáil agus dúirt go raibh Éire ar cheann den bheagán tíortha a bhfuil Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne acu.
Is ceart pionós dian a ghearradh ar na comhlachtaí sin, arsa sí, mura rachaidh siad i ngleic le hábhar urchóideach agus mídhleathach a fhoilsítear ar líne.
Dúirt Helen McEntee freisin go raibh Coimisiún na Meán le cód cleachtais a chur ar fáil faoi dheireadh na bliana.
Thug sí le fios chomh maith go raibh reachtaíocht nua á dréachtú le cosc a chur ar dhaoine púicíní a chaitheamh ag agóidí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ