skip to main content

Fear gortaithe go dona le linn círéibeacha i mBéal Feirste

Caitheadh buamaí peitril leis na póilíní le linn na gcíréibeacha i mBéal Feirste aréir
Caitheadh buamaí peitril leis na póilíní le linn na gcíréibeacha i mBéal Feirste aréir

Gortaíodh fear sna tríochaidí go dona nuair a hionsaíodh é le linn círéibeacha a bhí i gceantar Bhóthar Dhún na nGall i ndeisceart Bhéal Feirste aréir.

Tuairiscítear gur leagadh an fear go talamh agus gur tugadh buillí coise dó agus é sínte.

Deir na póilíní gur ionsaí ciníoch a bhí ann.

Rinneadh iarracht freisin siopa le fear de bhunadh na Siria a chur trí thine i gceantar Sandy Row aréir agus d'ionsaigh slua na póilíní nuair a tháinig siad ar an mball.

Loitiméireacht agus foréigean i ndeisceart Bhéal Feirste aréir

Bhí buamaí peitril i measc an ábhair a caitheadh leis na póilíní ach d'éirigh leo an tine sa siopa a mhúchadh sular leath sí.

D'fhógair na póilíní ar na círéibigh imeacht as an gceantar agus thug siad foláireamh dóibh go scaoilfí piléir phlaisteacha leo mura ndéanfaidís rud orthu.

Lasadh an siopa céanna le linn círéibeacha a bhí sa chathair Dé Sathairn seo caite agus bhí úinéir an tsiopa ag tabhairt cuntais i gcruinniú éigeandála de Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ar an damáiste a rinneadh an lá sin nuair a hionsaíodh an áit an athuair aréir.

Thug an fear le fios sa chruinniú gur ionsaíodh an siopa trí huaire cheana ach chuir sé i leith na bpóilíní nach raibh feiceáil ar bith orthu in am an ghátair.

Rinneadh damáiste do shiopa le fear de bhunadh na Siria i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite

Ritheadh rún sa chruinniú ag tacú le lucht gnó agus le daoine eile a d'fhulaing mar gheall ar an bhforéigean ar an Satharn agus socraíodh ar chiste speisialta a bhunú ar a son.

Antoiscigh ón eite dheis, agus dílseoirí ar a gceann, atá freagrach as an mí-ord.

Fógraíodh inné go raibh Tionól Stormont le n-aisghairm Déardaoin beag seo leis na círéibeacha a phlé.

Ionsaíodh póilíní agus gortaíodh roinnt acu i gcathair Plymouth in iardheisceart Shasana aréir.

Tá an mí-ord ag eascairt as marú thriúr cailíní óga i mbaile Southport in aice le Learpholl ocht lá ó shin.

Tá sé á chur i leith na n-antoisceach, áfach, gur ag éileamh cúise atá siad agus gur ócáid acu an t-uafás in Southport le dul i mbun foréigin agus le daoine eile a ghríosú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ