Tá Tionól Stormont le n-aisghairm Déardaoin beag seo le haghaidh cruinniú speisialta leis an mí-ord agus an scliúchas a bhí i mBéal Feirste arú inné a phlé.
Scrios círéibigh roinnt gnóthas agus rinne siad damáiste mór do roinnt eile i ndiaidh agóid frith-inimirce a reáchtáladh sa chathair tráthnóna Dé Sathairn.
Is iad Páirtí na Comhghuaillíochta a mhol na feisirí a theacht le chéile arís agus thacaigh Sinn Féin, Páirtí Aontachtach Uladh, an SDLP agus t-aontachtaí neamhspleách Claire Sugden leo.
Dhearbhaigh Spéicéir Stormont Edwin Poots i litir a cuireadh chuig na feisirí gur ag an meán lae Déardaoin a thionólfaí an cruinniú speisialta.
I gcomhráiteas, dúirt Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill ó Shinn Féin agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly ón DUP, dúirt siad nach bhféadfadh glacadh dá laghad a bheith le ciníochas agus loitiméireacht ainrianta.
Deirtear i rún atá le cur os comhair an chruinnithe Déardaoin go "[g]cáineann an Tionól seo an damáiste coiriúil a rinneadh do ghnóthais agus na hionsaithe a rinneadh orthu le deireanas", agus go ndiúltaíonn an Tionól do "gach cineál Ioslamafóibe, seineafóibe agus ciníochais".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ