skip to main content

Bonn óir ag McClenaghan

McClenaghan lena bhonn óir
McClenaghan lena bhonn óir

Tá bonn óir eile buaite ag an tír seo ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras.

Rhys McClenaghan a rinne an beart dúinn i gcomórtas na gleacaíochta.

D'éirigh le fear Chontae an Dúin chuile iomaitheoir eile a shárú agus thaispeáin sé a mháistreacht ar an gcapall corr i gcaitheamh an tráthnóna.

Fuair Nariman Kurbanov ón gCasacstáin an bonn airgid agus chríochnaigh Stephen Nedoroscik óna Stáit Aontaithe sa 3ú háit.

In imeachtaí eile tá rás ceannais saorbhuille 1500m na bhfear i gcomórtas snámha na gCluichí Oilimpeacha bainte amach ag Daniel Wiffen.

D'éirigh leis an Éireannach teacht sa gcéad áit go héasca sa rás leathchraoibhe i bPáras ar maidin.

14.40.34 an t-am a bhí aige agus ba léir i bhfoisceacht 200m don sprioc nach sárófaí an fear seo as Co.Ard Mhacha ainneoin na dtréan iarrachtaí ón Iodálach,Gregorio Paltrinieri a chríochnaigh sa dara háit.

Wiffen ar thóir a dhara bonn óir

Is ag 6.35 tráthnóna amárach a rachaidh Daniel Wiffen chun snámha sa rás ceannais.

Beidh pobal na hÉireann uilig ag súil go n-éireoidh leis a dhara bonn óir a bhuachan ag na cluichí seo.

Tá ceann aige cheana féin a bhuíochas dá chuid éachtaí sa linn snámha i rás an 800m saorbhuille níos túisce sa tseachtain.

Is é inniu an t-ochtú lá de na Cluichí Oilimpeacha agus i measc na n-iomaitheoirí eile ón tír seo a bhféadfadh rath a bheith orthu inniu tá an dornálaí Kellie Harrington.

Rhys McClenaghan.Gaisce déanta aige inniu

Tá bonn cré-umha buaite cheana féin ag Kellie Harrington, ach má bhuann sí a babhta anocht sa bhfáinne in aghaidh Beatriz Soares Ferreira ón mBrasaíl cinnteoidh sé sin ar a laghad bonn airgid di ag na cluichí seo.

Kellie Harrington agus í ag súil le bheith sa bhabhta ceannais

Beidh an troid sin sa mbabhta leathcheannais éadrom mheáchan ar siúl go gairid i ndiaidh a 9 a' chlog.