skip to main content

Margadh dlíthiúil i gcás 9/11 tarraingte siar

Margadh dlíthiúil i gcás 9/11 tarraingte siar
Margadh dlíthiúil i gcás 9/11 tarraingte siar

Tá fáilte curtha ag gaolta na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe i Meiriceá ar an 11Meán Fómhair roimh chinneadh rialtas na Stát Aontaithe margadh dlíthiúil a bhí déanta a tharraingt siar.

Margadh é seo a rinne ionchúisitheoirí le triúr fear a ndeirtear go raibh baint mhór acu leis na huafáis sceimhlitheoireachta sin.

I measc an triúir sin tá Khalid Sheikh Mohammed, a bhfuil sé curtha ina leith gurbh é an príomh-phleanálaí é sna hionsaithe.

Faoin socrú bhí an triúr sásta pléadáil ciontach as an gcomhcheilg inar dúnmharaíodh suas le 3,000 duine mar mhalairt ar phríosún saoil seachas an pionós báis a bhí os a gcionn.

Ach is é Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe,Lloyd Austin atá i mbun an cháis seo anois agus tá seisean i ndiaidh an socrú a tharraingt siar.

Tá an triúr á gcoinneáil i bpríosún i mBá Guantanamo faoi láthair.