skip to main content

'Cearta daonna iarrthóirí tearmainn á sárú ag an Stát'

Glacann an Ard-Chúirt leis go gcomhlíonfaidh an Stát a chuid oibleagáidí i leith iarrthóirí tearmainn san am atá le teacht
Glacann an Ard-Chúirt leis go gcomhlíonfaidh an Stát a chuid oibleagáidí i leith iarrthóirí tearmainn san am atá le teacht

Rialaigh an Ard-Chúirt inniu nach bhfuil an Stát ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí i leith iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta de réir Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Ba é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine a thug an cás.

Dhearbhaigh an Breitheamh Barry O'Donnell go bhfuil sé de dhualgas ar an Stát freastal ar bhunriachtanais iarrthóirí tearmainn agus lóistín a chur ar fáil dóibh a luaithe a thagann siad chun na tíre seo, ach rialaigh sé go bhfuil Airteagal 1 den Chairt um Chearta Bunúsacha á shárú ag an Stát sa mhéid sin.

"Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint" is ea foclaíocht an airteagail úd.

Ar a shon sin, níor thug an Breitheamh O'Donnell aon sainorduithe don Stát maidir lena oibleagáidí a chomhlíonadh mar a bhí iarrtha ag an gCoimisiún um Chearta an Duine.

D'fhógair sé nach gcreideann an chúirt go bhfuil aon bhunús leis an tuairim go dtabharfaidh an Stát neamhaird ar a oibleagáidí.

Dúirt an breitheamh go bhfuil sé tugtha le fios go soiléir ag an Stát go bhfuiltear ag déanamh iarracht mhór an cheist a réiteach agus dúirt go nglacann an chúirt leis an ngealltanas sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ