Tá cead tugtha ag an Aire Spóirt Catherine Martin an chéad veileadróm faoi dhíon in Éirinn a thógáil in iarthar Bhaile Átha Cliath.
Cuar 250 méadar a bheas sa rásraon rothaíochta a thógfar sa Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile an Aba in aice le mótarbhealach an M50.
Tuigtear go mbeidh thart ar 1,000 suíochán ann don lucht féachána.
Tá súil ag an Aire Martin go n-osclófar an t-ionad úr uair éigin in 2027.
Chomh maith leis an raon rothaíochta, tógfar dhá chúirt badmantain déag agus roinnt saoráidí eile sa veileadróm.
Faoi láthair, caithfidh scothrothaithe in Éirinn traenáil thar lear agus ní féidir aon chomórtais a reáchtáil sa tír seo.
Dúirt príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr Úna May, go mbeidh seans níos fearr ag rothaithe as Éirinn boinn a bhuachan sna mórchomórtais idirnáisiúnta de bharr veileadróm úrscothach mar é a bheith ar fáil dóibh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ