Tá sé tugtha le fios ag Arm Iosrael gur mharaigh siad ceannaire míleata Hamas, Mohammed Deif, in ionsaí diúracáin i gceantar Khan Younis i ndeisceart Gaza trí seachtaine ó shin.
Is cosúil nár fhógair na hIosraelaigh go dtí inniu go raibh Mohammed Deif maraithe acu mar nach raibh siad cinnte de.
An lá a rinneadh an t-ionsaí in Khan Younis, dúirt na húdaráis san áit gur maraíodh os cionn 90 duine dá bharr ach shéan Hamas nach raibh Mohammed Deif ina measc.
Tuairiscítear go raibh meáchan 900 cileagram sa diúracán a scaoileadh leis an áras cónaithe a gceaptar go raibh Mohammed Deif ag fanacht ann.
Dar leis na hIosraelaigh gurbh é a bheartaigh an mórionsaí a rinne lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael i mí Dheireadh Fómhair anuraidh inar maraíodh thart ar 1,200 duine, sibhialtaigh a bhformór agus páistí ina measc.
Inné, mharaigh na hIosraelaigh ceannaire polaitíochta Hamas, Ismail Haniyeh, nuair a scaoil siad diúracán leis an áras cónaithe a raibh sé ag fanacht ann i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ