Tá bonn cré-umha buaite ag na hÉireannaigh Philip Doyle agus Daire Lynch sa chomórtas céaslaire beirte sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras.
I lána a trí a bhí an dís agus bhí siad sa tríú háit – taobh thiar de chriúnna na Rómáine agus na Spáinne – sa chéad cheathrú den rás.
Rug criú na Stát Aontaithe orthu go gairid ina dhiaidh sin agus bhí siad sa cheathrú háit go dtí gur scoith siad na Meiriceánaigh 250 méadar roimh an deireadh.
Is as Lios na gCearrbhach i gCo Aontroma Philip Doyle agus is as Cluain Meala Daire Lynch.

Seo an ceathrú bonn atá buaite ag Éirinn sna cluichí go dtí seo.
Tá na hÉireannaigh ag cruthú go maith sa chéaslóireacht Oilimpeach ar na saolta deireanacha seo.
Bhuaigh na fir bonn óir agus bonn airgid in dhá chomórtas beirte in Rio in 2016 agus bhuaigh na mná bonn cré-úmha i gcomórtas ceathrair i dTóiceo in 2021.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ