skip to main content

Margadh déanta le triúr faoi ionsaithe sceimhlitheoireachta 2001

Maraíodh thart ar 3,000 duine sna ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an 11 Meán Fómhair 2001
Maraíodh thart ar 3,000 duine sna ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an 11 Meán Fómhair 2001

Tá margadh dlíthiúil déanta ag ionchúisitheoirí sna Stáit Aontaithe le triúr fear a ndeirtear go raibh baint mhór acu leis na huafáis sceimhlitheoireachta sa tír sin ar an 11 Meán Fómhair 2001.

Tá an té a chreidtear a bheartaigh na hionsaithe ar an gcéad dul síos, Khalid Sheikh Mohammed, i measc an triúir.

De réir an mhargaidh, pléadálfaidh na fir ciontach i gcomhcheilg mar mhalairt ar phríosún saoil seachas an pionós báis a bhí os a gcionn.

Féachadh roimhe seo le margadh mar é a dhéanamh ach chuir go leor de ghaolta na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe ina aghaidh.

Dúine de chúlaistíní sinsearacha Osama bin Laden ab ea Khalid Sheikh Mohammed ar de bhunadh Chuáit é.

Khalid Sheikh Mohammed

Gabhadh é sa Phacastáin in 2003 agus choinnigh na Meiricánaigh faoi rún é in ionaid éagsúla sular cuireadh é sa phríosún i mbunáit mhílteata Chuan Guantánamo in 2006.

Céasadh go minic agus go sistéamach é i gcaitheamh na mblianta sin, tráth a mhaígh sé go raibh go leor ionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe beartaithe aige.

Is de bhunadh na hAraibe Sádaí an bheirt fhear eile atá le pléadáil ciontach sa chomhcheilg.

Walid bin Attash, duine acu, deirtear gur thraenáil sé beirt den dream a rinne na hionsaithe sceimhlitheoireachta in 2001.

Mar leis an bhfear eile – Mustafa al-Hawsawi – deirtear go raibh seisean freagrach as airgead a chur ar fáil do na sceimhlitheoirí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ