skip to main content

Ógánach os comhair cúirte faoi leanaí a dhúnmharú

Tugadh Axel Rudakubana os comhair cúirte i Learpholl (Léaráid ealaíontóra ó áisíneacht nuachta PA)
Tugadh Axel Rudakubana os comhair cúirte i Learpholl (Léaráid ealaíontóra ó áisíneacht nuachta PA)

Tugadh ógánach seacht mbliana déag os comhair cúirte i Learpholl inniu agus é cúisithe i dtriúr cailíní óga a dhúnmharú i mbaile Southport Dé Luain seo caite.

Sin é Axel Muganwa Rudakubana as sráidbhaile Banks in aice le Southport.

Tar éis go ndúradh roimhe seo nach raibh cead a ainm a fhoilsiú de bharr nach bhfuil sé in aois fir, rialaigh an chúirt inniu an toirmeasc sin a chur ar neamhní.

Chomh maith le dúnmharú an triúir, tá Axel Rudakubana cúisithe in iarracht a dhéanamh deichniúr eile a dhúnmharú agus in acra faobhrach a bheith ina sheilbh aige.

Ní dhearna sé aon phléadáil sa chúirt inniu.

D'ordaigh an breitheamh é a thabhairt os comhair cúirte arís ar an 25 Deireadh Fómhair agus cuireadh siar faoi choinneáil é idir an dá linn.

Is iad an triúr a maraíodh Bebe King, sé bliana, Elsie Dot Stancombe, seacht mbliana, agus Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana.

As an deichniúr a gortaíodh, tá cúigear páistí agus beirt daoine fásta an-dona tinn.

Bhí na páistí ag glacadh páirt i rang damhsa i lár Southport nuair a hionsaíodh iad go gairid roimh an meán lae ar an Luan.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ