skip to main content

Cead ag príomhoide Gaelscoile fanacht ina phost

Rialú ón gCuirt Uachtarach maidir le príomhoide Gaelscoile
Rialú ón gCuirt Uachtarach maidir le príomhoide Gaelscoile

Rialaigh an Chúirt Uachtarach trathnóna inniu go ndearna an Chúirt Oibreachais botún de réir dlí nuair a d'ordaigh an chúirt sin a phost a thabhairt ar ais do phríomhoide Gaelscoile a briseadh as a phost beagnach deich mbliana ó shin.

Dar leis an gCúirt Uachtarach go raibh an ceart ag an gCúirt Oibreachais a rialú gur go héagórach a briseadh Aodhagán Ó Suird as a phost mar phríomhoide ar Ghaelscoil Moshíológ i Loch Garman ach gur botún a bhí ann ordú a phost a thabhairt ar ais dó.

Ina ainneoin sin, dúirt an Príomhbhreitheamh Donal O'Donnell go raibh sé blianta fada ó cuireadh tús leis an gcás agus nach mbeadh sé feiliúnach rialú na Cúirte Oibreachais a chur i leataobh nó a athmheas anois.

Dúirt an Príomhbhreitheamh freisin go raibh Aodhagán Ó Suird ar ais ina phost mar phríomhoide le bliain agus go raibh an té a bhí ag feidhmiú mar phríomhoide sna blianta roimhe sin imithe as an scoil anois.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach freisin gur cheart do bhord bainistíochta na scoile riaráistí pá a íoc le hAodhagán Ó Suird.

Briseadh Aodhagán Ó Suird as a phost de bharr gur cuireadh mírialtachtaí maidir le figiúirí rolla ina leith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ