Maraíodh ceannaire polaitíochta Hamas, Ismail Haniyeh, nuair a scaoil fórsaí Iosrael diúracán leis an áras cónaithe a raibh sé ag fanacht ann i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, go moch ar maidin.
Tuairiscítear freisin gur maraíodh duine dá ghardaí slándála san ionsaí a rinneadh ag thart ar 2 a chlog ar maidin inniu, am na háite.
Bhí Ismail Haniyeh ina chónaí go lánaimseartha i gCatar ach chuaigh sé chun na hIaráine inné le freastal ar shearmanas insealbhaithe uachtarán nuathofa na tíre sin, Masoud Pezeshkian.
Bhí cruinniú aige leis an uachtarán nua i ndiaidh an tsearmanais tráthnóna inné.
Bhí Ismail Haniyeh 61 bliain d'aois agus mharaigh na hIosraelaigh triúr mac agus ceathrar garpháistí leis i dtuaisceart Gaza ceithre mhí ó shin.
Ceapadh Ismail Haniyeh mar cheannaire polaitíochta Hamas in 2017 ach d'fhág sé Gaza agus chuaigh sé chun cónaithe i gCatar go gairid ina dhiaidh sin.
Dúradh faoi gur measarthach a bhí ann ó thaobh na polaitíochta de agus gur fhéach sé le caidreamh maith a chothú le ceannairí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí Palaistíneacha eile.
Meastar gur thapaigh na hIosraelaigh an deis é a mharú agus é san Iaráin in éiric an ionsaí roicéid a rinne Hezbollah ar Ardáin Ghóláin Dé Sathairn seo caite inar maraíodh dháréag ón bpobal Drúsach, páistí ina measc.
Tá Ardáin Ghóláin ag tarraingt achrainn le leathchéad bliain ó ghlac Iosrael seilbh ar an limistéar. Ní aithnítear go hidirnáisiúnta ceannas Iosrael ar an áit, áfach.
Tá Hezbollah i ndlúthpháirtíocht le Hamas faoi láthair agus maíonn na hIosraelaigh gur ón Iaráin a fuarthas an roicéad a scaoileadh le hArdáin Ghóláin.
Dúirt ardcheannaire na hIaráine an tAyatollah Khamenei go raibh dualgas ar an tír díoltas a agairt ar Iosrael as marú Ismail Haniyeh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ